Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Mr. Naoise Grisewood:
Tá thart ar 600 duine ag obair sa Roinn. Tá timpeall 130 dóibh siúd ag obair i róil phroifisiúnta nó theicniúla. Mar a dúirt Barry Quinlan agus Bairbre Nic Aongusa, beidh sé deacair daoine a earcú do na poist sin a bhfuil Gaeilge sa bhreis acu toisc gur obair an-speisialta atá i gceist. Tá deacracht ann leis sin ach aithníonn an Roinn an tábhacht a bhaineann le baill foirne a bheith sa Roinn atá líofa sa Ghaeilge. Mar atá ráite cheana féin, tá naonúr againn atá tiomanta agus cuirimid freagra ar fáil do dhaoine atá ag lorg freagra trí mheán na Gaeilge. Tugann an Roinn tairiscintí agus spreagann sí an fhoireann chun leas a bhaint as cúrsaí oiliúna Gaeilge trí na cúrsaí atá ar fáil a chur chun cinn. Tá méadú mór tagtha i mbliana ar líon na mball foirne a bhaineann leas as cúrsaí. Tá 17 duine ag déanamh cúrsa sa Ghaeilge ó Mhí Eanáir go dtí seo.
No comments