Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Ms Bairbre Nic Aongusa:
Tá súil againne an sprioc de 20% a bhaint amach laistigh den Roinn. Mar a léirigh mé sa ráiteas tosaigh, tá súil againn spreagadh a thabhairt don fhoireann le níos mó cúrsaí Gaeilge a dhéanamh agus breis traenála a chur ar fáil.
Tá oifigeach Gaeilge nua ceaptha againn le déanaí agus tá sé mar mhisean aige daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid san oifig ar bhonn laethúil. Is ceann de na rudaí atá i gceist againn a chur ar fáil ná líonra Gaeilge. Eagrófar imeachtaí ar nós maidineacha caife, turais chuig an nGaeltacht agus turais staidéir chuig rudaí atá ar siúl ag an Roinn ar fud na tíre le daoine a spreagadh le spórt a bhaint as an teanga agus leis an teanga a cheangal leis an saghas oibre a dhéanann muid i measc an phobail ar fud na tíre.
Caithfidh mé a rá go n-aontaím le Barry Quinlan. Tá deacracht againn earcú a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil caighdeán Gaeilge maith acu. Mar shampla, bíonn rannóg na n-oileán ag obair ar son ár Roinne agus bíonn folúntais aici. Tá sé deacair teacht ar dhaoine a bhfuil líofacht Ghaeilge acu mar aon leis an gcumas eile atá ag teastáil leis an obair a dhéanamh. Déanann rannóg na n-oileán a cuid oibre ar fad trí mheán na Gaeilge. Beidh dúshláin ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an sprioc sin a bhaint amach ach is cinnte go mbeimid ag déanamh aon rud is féidir linn leis an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn rialta inár Roinn a mhéadú.
No comments