Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Naoise Grisewood:

Bhíomar ag tnúth leis an gceist sin. Léifidh mé an ráiteas a bhfuarthas ón rannán ábhartha. Mar a dúirt an Seanadóir, rinneadh aighneachtaí éagsúla maidir leis an tuairim go léirítear an Béarla i gceannlitreacha agus, dá réir, gurb é an teanga is feiceálaí ar chomharthaí bóthair agus iarradh go mbeadh an téacs athraithe le go mbeadh an méid agus an cruth cothrom. Ar chomharthaí logainm dátheangacha, bíonn an logainm Gaeilge in uachtar agus an choibhéis Bhéarla in íochtar. Le cur in iúl chomh soiléir agus is féidir do thiománaithe go bhfuil dhá theanga ar leith ar na comharthaí, ní mór idirdhealú follasach a bheith ann sa téacs ionas nach gcuireann sé isteach ar shábháilteacht ar bhóithre. Tá sé seo ríthábhachtach ní hamháin do thiománaithe in Éirinn, ach don líon mór turasóirí ar bhóithre na hÉireann. Chuige seo, baintear úsáid as litreoireacht i gcás abairte, is é sin go mbíonn an chéad litir ina cheannlitir, claonta 15° don téacs Gaeilge agus litreoireacht i gcás uachtar don téacs Béarla. I gcás úsáid an chló claonta, nó cló Iodálach, agus an cló i gcás íochtar den chuid is mó, creidtear go gcuireann sé sin béim ar an téacs agus gurb é is fearr a léiríonn an seanchló Gaelach. Ní mór a thabhairt faoi deara go mbaintear úsáid as an gcéim airde bhunúsach chéanna don téacs Gaeilge agus don téacs Béarla maraon ar aon chomhartha ar leith agus go leagtar an Ghaeilge in uachtar ach bíonn logainmneacha Gaeilge 40% níos faide ar an meán ná an choibhéis Bhéarla agus, dá mbeadh an Ghaeilge i gcás uachtar agus ar an gcéim airde riachtanach le go bhfeicfidh í, bheadh comharthaí i bhfad níos mó dá réir agus bheadh giorrúcháin iomadúla ann. Bheadh sé de thoradh air sin go mbeadh easpa soiléireachta i gceist leis na comharthaí don tiománaí.

Ar an iomlán, meastar go gcuireann an córas reatha cur chuige soiléir, comhsheasmhach, inléite agus sábháilte ar fáil agus go ndéantar foráil don dá theanga ar chomharthaí bóthair. Tá eisiamh sonrach ó rialacháin na dteangacha oifigiúla ag comharthaí tráchta agus tá cúis mhaith leis sin. Tá tuiscint mhaith ar an gcóras i measc an phobail tiomána, bíodh siad ina gcónaitheoirí ná ina gcuairteoirí. Ní fhaightear aon ghearán maidir le soiléireacht nó deacracht ó thaobh an téacs a léamh i gceachtar teanga. Tá díolúine sna rialacháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla do chomharthaí bóthair a chlúdaítear faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961. Go sonrach, tagann na comharthaí tráchta seo faoin lámhleabhar um chomharthaí tráchta faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre. Is é sin an freagra a fuarthas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.