Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Mr. Naoise Grisewood:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na comhaltaí as cuireadh a thabhairt don Roinn Iompair a bheith anseo leo tráthnóna. Is príomhoifigeach cúnta mé sa rannán um rannpháirtíocht agus rialachas aeráide. Anseo liom inniu tá mo chomhghleacaithe, Claire Martinez agus Rachel Kelly. Oibríonn Claire agus Rachel sa rannán um beartas lárnach, comhordú agus athchóiriú.
Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go gcaitheann an Roinn an-dúthracht lenár n-oibleagáidí faoi reachtaíocht na dteangacha oifigiúla a chomhlíonadh. Maidir lenár ról agus na freagrachtaí agus seirbhísí na Roinne a chuirtear ar fáil don phobal, tá sainchúram an-leathan ag an Roinn Iompair, lena n-áirítear beartais agus reachtaíocht fhianaise-bhunaithe a fhorbairt maidir le hiompar ar tír, san aer agus ar muir; a chinntiú gur féidir le daoine agus earraí bogadh thart ar ár n-oileán; agus maoiniú a leithdháileadh ar ghlasbhealaí agus ar thaisteal gníomhach, chomh maith lenár nascacht idirnáisiúnta a chinntiú. Ina theannta sin, cuireann an Roinn roinnt seirbhísí ar fáil go díreach don phobal freisin. Táimid freagrach as mótarcháin a bhailiú agus as motarchain.iea bhainistiú. Tá mo chomhghleacaithe i mBaile Locha Riach freagrach as ceadúnú oibritheoirí um iompar bóthair agus próiseálann siadsan iarratais ar cheadúnais do tharlóirí agus d’oibritheoirí iompair paisinéirí.
Is féidir le duine ar bith atá ag iarraidh úsáid a bhaint as ár seirbhísí trí mheán na príomhtheanga náisiúnta déanamh amhlaidh. Gach uair a dhéanann duine teagmháil leis an Roinn trí Ghaeilge, bíodh sé ar an nguthán nó tríd an ríomhphost nó i litir, tugaimid freagra don duine sin i nGaeilge. Maidir lenár bplé díreach leis an bpobal, is le réimse na mótarchánach a bhaineann an líon is mó den chumarsáid agus ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil baint ag oifigí mótarchánacha na n-údarás áitiúla leis an bhfeidhm thábhachtach sin freisin. Bailíodh €902 milliún d’fháltais mhótarchánach anuraidh agus bailíodh thart ar €750 milliún den fhigiúr sin trí chóras ar líne na Roinne féin. Próiseáladh os cionn 1 milliún athrú úinéireachta feithicle anuraidh. Próiseálann ár n-aonad ceadúnaithe oibritheoirí um iompar bóthair na mílte iarratas ar cheadúnais tarlaithe bóthair agus ar cheadúnais oibritheora iompair paisinéirí gach bliain, agus dá bhrí sin bíonn siad ag plé go díreach leis an bpobal freisin.
Cuirtear tacaíocht dhátheangach i nGaeilge agus i mBéarla ar fáil dár gcustaiméirí trínár láithreáin ghréasáin do na seirbhísí seo agus chomh maith leis sin, cuirimid cóipeanna crua d’fhoirmeacha ar fáil i nGaeilge agus soláthraímid seirbhís leanúnach i nGaeilge do chustaiméirí ar an bhfón agus i scríbhinn.
Tá córas nua ar líne á thógáil ag an bhfoireann ceadúnaithe oibreora um iompar bóthair i mBaile Locha Riach faoi láthair agus tá sé i gceist go mbeifear in ann iarratais ar cheadúnais a dhéanamh i nGaeilge agus i mBéarla ar an gcóras sin.
Ó thaobh faisnéis faoinár gcuid oibre a chuirtear ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge, áirítear leis sin, mar shampla, ár dtuarascálacha bliantúla a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, chomh maith lenár ráiteas straitéise agus roinnt foilseachán eile, i gcomhréir lenár scéim Gaeilge agus lenár gcairt um sheirbhís do chustaiméirí.
Cinnteoimid go mbeidh ábhar i nGaeilge ar ár meáin shóisialta agus ar an láithreán gréasáin agus táimid i mbun oibre chun níos mó cumarsáide a dhéanamh leis an bpobal i nGaeilge agus i mBéarla araon. Ag teacht leis na hoibleagáidí fógraíochta a tháinig i bhfeidhm ag tús na bliana seo, táimid ag obair go gníomhach lenár gcomhghleacaithe ag céim phleanála na bhfeachtas chun a chinntiú go gcuirfear an Ghaeilge san áireamh, lena n-áirítear fógraíocht agus ábhar ar na meáin shóisialta, agus chun a fhiosrú an bhfuil deiseanna ann chun breis soláthair a dhéanamh maidir le cumarsáid dhátheangach.
Tá gealltanas tugtha ag an Roinn feachtas fógraíochta cruthaitheach a sholáthar i mbliana chun na buntáistí a bhaineann le hiompar poiblí agus gníomhach a chur chun cinn d’fhonn cabhrú linn in Éirinn ár n-astaíochtaí iompair a laghdú. I gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, cuirfear 5% de bhuiséad an fheachtais seo ar leataobh chun spás a cheannach sna meáin Ghaeilge. Soláthrófar 20% den ábhar uile san fheachtas ilardáin seo i nGaeilge.
Agus maidir le foireann na Roinne féin, tacaímid lenár gcomhghleacaithe feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, chomh maith le tuiscint a fháil ar na freagrachtaí atá orainn ar fad faoin reachtaíocht. Laistigh den Roinn, cuirimid úsáid na Gaeilge chun cinn go gníomhach, lena n-áirítear ailt a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla inár nuachtlitir inmheánach choicísiúil, chomh maith le meabhrúcháin rialta a thabhairt don fhoireann go léir ar ár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus faoinár scéim Gaeilge féin. Cuirtear cúrsaí Gaeilge ar fáil do na baill foirne siúd ar mian leo cur lena gcuid Gaeilge.
Mar is amhlaidh le Ranna Rialtais eile, is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a dhéanann plé le cúrsaí earcaíochta thar ceann na Roinne Iompair. Is féidir leis an Roinn leas a bhaint as painéil dhátheangacha atá ar fáil chun líon na gcainteoirí Gaeilge sa Roinn a mhéadú. Ach mar sin féin, is minic a bhíonn ró-éileamh ar na painéil sin, go háirithe i réigiún Bhaile Átha Cliath. Leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag plé leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le foireann a earcú agus a roghnú i dtaca le sainphoist Ghaeilge.
Glacaimid páirt freisin i seimineáir eolais a eagraíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga, ionas go mbeimid ar an láneolas faoi na hoibleagáidí a leagtar orainn le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, lena n-áirítear na forálacha sin nach bhfuil tús curtha leo go fóill, d’fhonn cur ar ár gcumas a bheith ullamh d’fhorbairtí nua.
Cuireann ár n-oifigeach Gaeilge tacaíocht agus comhairle ar fáil do chomhghleacaithe sa Roinn, lena n-áirítear forálacha de reachtaíocht na dTeangacha Oifigiúla a chur in iúl, cuidiú le téacs i nGaeilge a chur san áireamh in óráidí Airí, caidreamh a dhéanamh le comhghleacaithe agus muid ag obair chun níos mó dár gcuid preaseisiúintí a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, plé le gearáin nó fiosruithe a fhaighimid ón gCoimisinéir Teanga agus monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh ár scéime Gaeilge.
É sin ráite, agus cosúil le gach Roinn Rialtais, tuigimid go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh againn lenár gcumas le hoibriú trí Ghaeilge a mhéadú de réir a chéile i gcomhréir leis na spriocanna uaillmhianacha a leagtar síos sa reachtaíocht leasaithe, ach táimid tiomanta go gníomhach, ní hamháin chun ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh, ach chun tacú go forásach lenár bpríomhtheanga náisiúnta a mhéid is féidir.
Tá súil agam gur thug an méid sin léargas don chomhchoiste ar na seirbhísí a sholáthraímid go díreach don phobal agus ar an obair a dhéanaimid chun ár seirbhísí a sholáthar go dátheangach. Go raibh maith ag an gcomhchoiste.
No comments