Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Ms Deirdre N? N?ill:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an gcuireadh seo freastal ar an gcruinniú inniu chun cur síos a dhéanamh ar chumas na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige seirbhís iomlán dhátheangach a chur ar fáil go réamhghníomhach dá custaiméirí agus chun breac-chuntas a thabhairt ar na céimeanna a ghlacann an Roinn chun an tseirbhís sin a sholáthar.

Is mé an príomhoifigeach cúnta sa rannóg comhionannais agus comhionannais inscne agus liom inniu tá Andrew Patterson, príomhoifigeach san aonad rialachais chorparáidigh, agus Moira Griffin, príomhoifigeach cúnta sa rannóg chéanna.

De bharr nádúr obair na Roinne, is le Ranna Rialtais eile, leis an Oireachtas, le comhlachtaí Stáit, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, le comhlachtaí ionadaíocha agus le gnólachtaí is mó a bhíonn sí ag plé. Is trí ghníomhaireachtaí agus soláthraithe comhpháirtíochta a chuirtear ar fáil formhór mór de na seirbhísí as a bhfuil an Roinn freagrach. Is beag seirbhís dhíreach duine le duine a sholáthraíonn an Roinn í féin do bhaill den phobal. Tá éileamh íseal ar theagmháil trí mheán na Gaeilge idir an Roinn agus daoine aonair agus le heagraíochtaí.

É sin ráite, tá na céimeanna is gá á nglacadh ag an Roinn chun a dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Déanann sí é seo trína chinntiú go ndéantar a croífhoilseacháin - tuarascálacha bliantúla, ráitis straitéise, srl. - a aistriú go Gaeilge agus iad a chur ar fáil ag an am céanna leis na leaganacha Béarla; go mbíonn ainm Gaeilge na Roinne ar a stáiseanóireacht agus ar a comharthaíocht, agus go ndéantar amhlaidh in oifigí ar leith na Roinne, nuair is cuí; go gcuirtear bileoga eolais agus bróisiúir agus foirmeacha ar fáil i nGaeilge; go bhfreagraítear ceisteanna scríofa a fhaightear i nGaeilge trí mheán na Gaeilge; go bhfuil teachtaireachtaí réamhthaifeadta i nGaeilge ar an bpríomh lasc-chlár gutháin; agus go bhfuil cúram leagtha ar chainteoir líofa Gaeilge chun an phríomhuimhir theileafóin a fhreagairt.

Ar liosta seoltaí inmheánach na foirne, aithnítear roinnt ball foirne sa Roinn atá inniúil ar an nGaeilge agus atá ar fáil chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí trí Ghaeilge. Sa chás go bhfuil freagra scríofa ag teastáil i nGaeilge, gheobhaidh ár mbaill foirne le Gaeilge freagraí le haistriú ónár saineolaithe ábhair i réimsí polasaí na Roinne. Chomh maith leis sin, baineann an Roinn leas as seirbhís sheachfhoinsithe le haghaidh aistriúcháin Ghaeilge mar is gá.

Déanann an Roinn infheistiú in oiliúint a foirne ionas go mbeidh siad in ann a róil a chomhlíonadh. Tá teacht ag an bhfoireann ar réimse leathan cúrsaí oiliúna Gaeilge curtha ar fáil ag eagraíochtaí ar nós One Learning - is é sin ionad foghlama agus forbartha na Státseirbhíse - Gaelchultúr, nó ceann de na hinstitiúidí ardoideachais. D'fhéadfaí freastal ar ranganna rialta Gaeilge agus ar chúrsaí cónaithe. Sa chás go dtéann ball foirne i dteagmháil lenár n-aonad foghlama agus forbartha ag léiriú spéise i bhforbairt a gcumas sa Ghaeilge, tacaítear lena n-iarratas i gcónaí.

Chomh maith leis sin, tá aird chúramach á thabhairt ag bord bainistíochta na Roinne ar a cuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Leagfaidh mé amach príomhfhorálacha an Achta seo agus gníomhaíocht na Roinne sna hocht réimsí siúd.

Is é an chéad pointe ná an sprioc go mbeidh 20% d'earcaigh nua san earnáil phoiblí agus sa Státseirbhís inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Tá an Roinn tiomanta do chabhrú leis an sprioc earnála poiblí seo a bhaint amach. Is ó phainéil a bhunaigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí is mó a earcaítear earcaigh nua chuig an Roinn.

Is é an dara pointe ná deimhniú go leagfar síos spriocdháta faoina mbeidh gach seirbhís Stáit i gceantair Ghaeltachta ar fáil trí Ghaeilge. Níl baint dhíreach ag an Roinn seo le soláthar seirbhísí i gceantair Ghaeltachta agus, dá réir sin, ní bheidh baint dhíreach aici le dul i ngleic leis an riachtanas seo.

Is í an tríú foráil ná chun deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga agus córas caighdeán teanga a chur ina áit.

Tuigtear don Roinn go bhfuil súil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán caighdeáin a fhoilsiú níos déanaí i mbliana agus déanfaidh an Roinn gach a meastar a bheith riachtanach chun cloí leis na caighdeáin sin.

An ceathrú foráil ná chun a chinntiú go bhfreagrófar cumarsáid le comhlacht poiblí ar na meáin shóisialta sa teanga chéanna. Déanann an Roinn cúram de go bhfuil a cuid freagraí ar chumarsáid Ghaeilge a fhaightear trí na meáin shóisialta i nGaeilge freisin.

Ceanglaíonn an cúigiú foráil ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú gur i nGaeilge a bheadh ábhar margaíochta a dháiltear ar aicme den phobal. Tá an Roinn tiomanta dá dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 maidir le hábhar margaíochta nó faisnéise a eisiúint i mBéarla agus i nGaeilge, agus déanann sí na socruithe riachtanacha nuair a bhíonn seirbhísí deartha agus foilsithe á soláthar chun comhlíonadh a chinntiú.

Éilíonn an séú foráil ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil ar a laghad 20% dá bhfógraíocht bhliantúil i nGaeilge. Tá treoir tugtha ag an Roinn dá ceannaitheoirí sna meáin a chinntiú go mbainfear amach an sprioc go mbeadh 20% do gach socrúchán feachtais fógraíochta agus 5% den chaiteachas buiséid i bhfógraíocht Ghaeilge i ngach feachtas feasachta poiblí.

Cinntíonn an seachtú foráil go bhfuil foirmeacha iarratais ar fáil i nGaeilge. Cuirfear foirmeacha iarratais a úsáideann an Roinn don phobal ar fáil i nGaeilge.

An foráil dheiridh ná chun a chinntiú go mbeidh lógónna comhlachtaí poiblí i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Tá lógónna uile na Roinne dátheangach.

Mar fhocal scoir, tá an Roinn ag tnúth le foilsiú na gcaighdeán ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, nach mór don Roinn seo agus do Ranna eile a chomhlíonadh. Déanfar cibé leasuithe ar ár gcur chuige is gá leo, ionas go gcloífimid leis na caighdeáin nua seo.

Táimid ar fáil chun freagra a thabhairt ar aon cheisteanna atá ag an gcomhchoiste. Go raibh maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.