Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Ms Bairbre Nic Aongusa:

Tá áthas orm a bheith anseo inniu thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun forbhreathnú a thabhairt don choiste ar phleananna ár Roinne le seirbhís dhátheangach a chur ar fáil agus a fheabhsú dóibh siúd a mbímid ag plé leo. Liom anseo, tá Jake Ryan, atá ina príomhoifigeach san aonad um straitéis chorparáideach agus cumarsáide.

Mar is léir ó ainm na Roinne, is é an misean atá againn ná, “Forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus tacú le pobail bhríomhara, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann”. Chuige sin, bímid ag plé go rialta le réimse leathan dár bpáirtithe leasmhara.

Tá scéim teanga againn sa Roinn ó 2019 i leith, agus fanfaidh sé sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh na caighdeáin nua ar fáil. Cé nach bhfuil oifigí poiblí againn, is minic a bhíonn muid ag idirghníomhú leis an bpobal, le hionadaithe tofa, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le comhghleacaithe ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí. Uaireanta déantar na hidirghníomhaíochtaí seo trí mheán na Gaeilge. Trínár gcairt chustaiméirí agus ár bplean gníomhaíochta, tá gealltanas tugtha againn freagra a thabhairt i nGaeilge ar gach ceist a fhaightear i nGaeilge, bíodh sé sin trí ríomhphost, ar an teileafón nó trí litir. Níl aon difríocht idir na hamlínte do na freagraí seo agus na cinn a fhaightear i mBéarla.

Glacann muid go dáiríre lenár bhfreagracht go bhfoilsítear ár bpolasaithe i nGaeilge. Cé go n-aithnímid go bhféadfaimis níos mó a dhéanamh, agus tá sé beartaithe againn níos mó a dhéanamh, tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil formhór dár ndoiciméad suntasacha foilsithe go dátheangach, lena n-áirítear Ár dTodhchaí Tuaithe; Pobail Inbhuanaithe, Chuimsitheacha agus Cumhachtaithe; An Beartas Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta d’Éirinn; agus Ár nOileáin Bheo: Polasaí Náisiúnta na nOileán.

Maidir le cúrsaí cumarsáide, go dtí seo in 2023 bhí 11% dár n-aschur sna meáin shóisialta agus 16% dár bpreasráitis dátheangach. Ina theannta sin, sáróidh ár n-aschur fógraíochta i nGaeilge an tairseach 20% i mbliana. Is féidir liom a dheimhniú freisin go bhfuil formhór na bhfoirmeacha agus na leabhráin eolais dár scéimeanna ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc, scéim athnuachana bailte agus sráidbhailte; bailte slachtmhara; ciste infheistíochta na lárionad pobail; agus an scéim LEADER. Tá líon beag dár scéimeanna nach bhfuil foirmeacha Gaeilge ar fáil dóibh go fóill ach táimid ag obair chun a chinntiú go n-aistrítear na foirmeacha sin chomh luath agus is féidir.

Mar is eol don choiste, is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS, atá freagrach as earcú sa státseirbhís agus is fúthu sin a bheidh sé a chinntiú go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís inniúil sa Ghaeilge. Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail sásta earcú ó shruthanna Gaeilge PAS thar gach grád, nuair is cuí, agus faoi réir aon sainriachtanas eolais breise. Maidir le harduithe céime inmheánacha agus ceapacháin soghluaisteachta, sonróidh an Roinn inniúlacht sa Ghaeilge mar chritéir cháilitheacha nuair is cuí.

Mar aon leis sin, tá an Roinn s’againne tiomanta don ról gur féidir linn féin a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh úsáid na Gaeilge níos forleithne agus go bhfeabhsófar caighdeán na n-idirghníomhaíochtaí Gaeilge idir an pobal, ár n-oifigigh agus ár ngníomhaireachtaí. Tá athbhreithniú á dhéanamh againn faoi láthair ar na róil éagsúla laistigh den Roinn chun na cinn a d’fhéadfaí a líonadh ó na sruthanna Gaeilge a aithint dá dtiocfadh an deis chun cinn. Faoi láthair, tá 12 oifigeach sa Roinn atá sásta iad féin a chur ar fáil chun freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin a fhaightear i nGaeilge. Áiríonn an uimhir seo rannóg na n-oileán, atá lonnaithe sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara agus a dhéanann a gnó ar fad trí mheán na Gaeilge. Freisin, tá oifigeach Gaeilge fostaithe ag an Roinn a bhfuil sé de chúram air monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta, úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa Roinn agus cur lenár gcumas seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge.

Ó bunaíodh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, tá tacaíocht tugtha againn do dheichniúr ball foirne staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge trí chúrsaí creidiúnaithe agus tá tacaíocht faighte ag an líon is airde go dtí seo i mbliana. Mar Roinn, táimid meáite ar líon na ndaoine a roghnaíonn na cúrsaí seo a mhéadú agus ár gcomhghleacaithe a spreagadh chun a n-inniúlacht sa Ghaeilge a choinneáil, agus a fheabhsú, nuair atá na cúrsaí críochnaithe acu. Tar éis suirbhé a rinneadh le déanaí, is féidir linn a thuairisciú go bhfuil cumas comhrá Gaeilge ag 29% dár n-oifigigh, cumas Gaeilge teoranta ag 68% and níl aon Ghaeilge ag 3%. Is figiúirí suntasacha iad seo, dar linn. Cuireann siad bonnlíne ar fáil dúinn chun tacaí agus polasaithe a fhorbairt le caighdeán na Gaeilge san fhoireann reatha a fheabhsú. Chuige sin, tá roinnt bearta féideartha aitheanta againn, ina measc deontais a chur ar fáil do chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht do bhaill foirne, de réir oiriúnachta; líonra Gaeilge a bhunú laistigh den Roinn, a mbeidh gné sóisialta ag baint leis chomh maith le hacmhainní foghlama, arna n-urrú ag an Roinn; agus tacaíocht a thabhairt do gach ball foirne, de réir oiriúnachta, clárú ar chúrsaí Gaeilge creidiúnaithe.

Bíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ag obair leis an bpobal agus ar son an phobail ar fud na tíre ó cheann ceann na bliana. Táimid bródúil as cáilíocht ár gcumarsáide lenár bpáirtithe leasmhara go léir. Creidimid go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i dtreo ár ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Mar sin féin, admhaímid gur féidir linn - go gcaithfimid - níos mó a dhéanamh chun ár gcomhinniúlacht sa Ghaeilge a mhéadú. Chuige sin, cinnteoimid go bhfuil cloí leis na caighdeáin agus an dul chun cinn i dtreo ár n-oibleagáidí faoin Acht leagtha amach inár dtuarascálacha bliantúla agus i ráitis straitéise na Roinne as seo amach. Cuirimid fáilte roimh dhíospóireacht an lae inniu. Tá mé féin agus mo chomhghleacaí ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.