Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Barry Quinlan:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt don Roinn chun freastal ar an gcruinniú den chomhchoiste inniu maidir le hacmhainn na Roinne chun seirbhís atá dátheangach go hiomlán a sholáthar dá custaiméirí uile.

Mar Roinn Rialtais, táimid ar an eolas faoi na dualgais atá orainn de réir reachtaíochta éagsúla, Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ina measc, agus faoin mbeartas Rialtais maidir le húsáid na Gaeilge. Déanann an Roinn a dícheall chun cabhrú go hiomlán le haon duine ar mian leis nó léi déileáil lenár seirbhísí i nGaeilge. Lena linn sin, cinntímid go gcomhlíontar ár n-oibleagáidí faoin Acht agus ár ngealltanais faoinár scéim teanga reatha féin, a mhéid is féidir linn. Chuathas i gcomhairle lena lán geallsealbhóirí, an Coimisinéir Teanga ina measc, ar an scéim reatha. Beidh an scéim i bhfeidhm go dtí go gcuirfear caighdeán Gaeilge nua i bhfeidhm. Idir an dá linn, táimid ag leanúint ár scéim teanga reatha agus ár n-oibleagáidí faoin Acht a chomhlíonadh trí ghníomhaíochtaí éagsúla. Tá athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh ar na ceanglais fógraíochta faoi alt 10A den Acht agus iad a chur in iúl. I measc na gceanglas sin, tá gníomhaíocht cumarsáide Gaeilge á méadú sna meáin éagsúla agus ar na hardáin dhigiteacha éagsúla. Tá an Ghaeilge á chur chun cinn laistigh den Roinn trí imeachtaí, trí ábhar Gaeilge a chur isteach inár nuachtlitir sheachtainiúil, trí ghníomhaíochtaí agus trí acmhainní. Tá plean cur chun feidhme agus acmhainní á bhforbairt chun tacú le comhlíonadh na bpríomhghnéithe den Acht a bhaineann le foilseacháin, le comhairliúcháin agus le doiciméid thábhachtacha. Tá oiliúint agus tacaíocht á dtabhairt do bhaill foirne chun a scileanna Gaeilge a mhéadú. Bíonn teagmháil leanúnach ann leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le comórtais earcaíochta Gaeilge. Tá oifigeach Gaeilge nua á cheapadh chun comhlíonadh an Achta a chomhordú agus chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sa Roinn. Tá soláthraí seirbhísí aistriúcháin aonair á cheapadh faoi chreat na hOifige um Sholáthar Rialtais freisin.

Mar Roinn, tá fonn orainn níos mó fós a dhéanamh - tá a fhios againn é sin - go háirithe maidir lenár ngníomhaíochtaí poiblí agus lenár ngníomhaíochtaí i measc an phobail. Mar shampla, sheolamar comhairliúchán poiblí ocht seachtaine le déanaí ar an dréachtphlean maidir le forbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Reáchtáladh sraith ceardlann comhairliúcháin i bpearsa agus sraith deiseanna for-rochtana freisin. Ina measc sin, cuireadh imeacht comhairliúcháin Gaeilge ar siúl i Ros an Mhíl, Contae na Gaillimhe, ar an 23 Márta. Chláraigh 38 duine le haghaidh an imeachta. Ina measc sin, bhí ionadaithe den phobal áitiúil iascaireachta, d’Údarás na Gaeltachta, den earnáil mhuirí agus de sholáthraithe áitiúla turasóireachta. Táimid ag cinntiú gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a fhoilsítear comhairliúcháin a bhfuil spéis ag an bpobal iontu chun a chinntiú gur féidir le Gaeilgeoirí páirt lárnach a ghlacadh iontu.

Ar an meán, bíonn ocht gcinn de na deich leathanach is mó cuairt de chuid na Roinne ar gov.iegach mí ar fáil sa dá theanga. Áirítear leo sin an tseirbhís chun éirchód a aimsiú, léarscáil an phlean náisiúnta leathanbhanda agus an feachtas "Úsáid Níos Lú".

Mar is eol don choiste, socraíodh cuspóir san Acht 2021 go mbeadh inniúlacht i nGaeilge ag 20% de na daoine nua a earcófar chuig an earnáil phoiblí agus chuig an Státseirbhís faoin mbliain 2030. De réir mar a fhéachann an Státseirbhís leis an gcuspóir sin a chomhlíonadh, ba cheart a chur san áireamh go bhfuil bearna ann idir inniúlacht i dteanga ar leith agus an cumas chun obair chasta, dhúshlánach agus theicniúil a dhéanamh tríd an teanga sin. Rud eile ba cheart a chur san áireamh is é cumas na mball foirne a bhfuil inniúlacht i nGaeilge acu chun scóip, luach, castacht agus cuspóir a gcuid oibre a léiriú go hiomlán trí Ghaeilge i dtimpeallacht na gcomhchoistí, áit a mbíonn díospóireacht thapa, dhúshlánach agus láidir ar bun in amanna. Ó am go chéile, déantar na cúrsaí sin níos casta fós i gcásanna nach iad na Gaeilgeoirí líofa nó na Gaeilgeoirí rí-inniúla sa Roinn na saineolaithe ábhair atá in ann na freagraí is fearr a thabhairt ar na ceisteanna sonracha a chuireann na comhaltaí de na coistí. Go deimhin, is ag gráid éagsúla a oibríonn Gaeilgeoirí ar fud na Státseirbhíse. Ina measc sin, tá Gaeilgeoirí a oibríonn ag grád an oifigigh cléireachais agus ag grád an oifigigh feidhmiúcháin, gráid nach mbíonn aon fhreagracht orthu as ionadaíocht a dhéanamh dá Roinn ag comhchoistí de ghnáth.

Táthar ag súil go bhfoilseofar an straitéis daoine don tréimhse ó 2023 go 2025 ón Roinn ar ball. San áireamh sa straitéis daoine, tá gealltanas go méadófar acmhainní Gaeilge faoin mbliain 2025 agus go bhforbrófar deiseanna le haghaidh an Ghaeilge a úsáid trí na róil Ghaeilge a mhéadú agus tríd an líon ball foirne a fhoinsítear ón sruth Gaeilge a mhéadú. Idir an dá linn, táimid ag leanúint d’oiliúint i nGaeilge a thairiscint dár bhfoireann. Mar a tharlaíonn, is ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a líonadh 33 áit ar chúrsaí Gaeilge ó bhí 2020 ann. Táim sásta freagra a thabhairt ar aon cheisteanna atá ag an gcoiste. Gabhaim buíochas as ucht an deis a bheith anseo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.