Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 20 April 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Leithdháileadh Airgid ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht agus Buiséad TG4: An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source
Bhí an chéad phointe a rinne an Teachta faoi chláir dhátheangacha seachas cláir Ghaeilge. Creideann go leor daoine go bhfuil gá leanúint leis an dtacaíocht a thabhairt do sholáthar níos mó ábhair Ghaeilge sna meáin trí chéile chun an teanga a chur chun cinn. Ó rinneadh Aire díom, tá an maoiniú sin sa bhreis á chur ar fáil agam do scéim fís agus fuaim. Chumasaigh an maoiniú breise seo anuraidh babhta maoinithe ar leith d'ábhair Ghaeilge, agus faoin mbabhta sin, leithroinneadh beagnach €2 milliún chun tacú le forbairt 15 tionscadal nua raidió agus teilifíse i nGaeilge. Is faoi Choimisiún na Meán agus Údarás Craolacháin na hÉireann roimhe seo atá cinntí maidir le maoiniú a bhronntar faoin scéim fís agus fuaim déanta, agus is gné thábhachtach chun tacú le hábhair Ghaeilge maidir le maoiniú ar fad is ea an scéim fís agus fuaim. Tá gealltanas tugtha faoin scéim seo go mbronnfar idir 20% agus 25% den mhaoiniú ar ábhar Gaeilge agus táim sásta go bhfuil an gealltanas sin á chomhlíonadh agus, go minic, go dtéitear thar leibhéal an ghealltanais sin.
Maidir le TG4, admhaím nach bhfuil aon oibleagáidí ar leith air líon socraithe de chláir Ghaeilge a chraoladh. Ceanglaítear ar TG4 cláir atá i nGaeilge go príomha a chraoladh agus a fhreastalaíonn, ní hamháin orthu siúd arb iad an Ghaeilge is fearr leo a labhair, ach orthu sin freisin a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Tá sé tábhachtach, dá réir, go gcuirfeadh TG4 an chothromaíocht cheart ar fáil agus go bhféachfadh an stáisiún leis an lucht féachana is leithne agus is féidir a mhealladh agus a chinntiú freisin go leanfaidh sé le cláir chuimsitheacha a chraoladh. Creidim go gcomhlíonann TG4 an ról sin.
Maidir leis an gceist eile faoi Raidió Rí-Rá, mar a dúirt mé leis an Teachta eile, ba mhaith liom, más féidir, an cineál seo seirbhíse i bhfeidhm do dhaoine óga a fheiceáil ach tá Coimisiún na Meán, atá ina rialtóir craolacháin neamhspleách, freagrach as seirbhísí craolacháin ar stáisiúin raidió neamhspleácha a cheadúnú in Éirinn. Is é Coimisiún na Meán, agus ní mise mar Aire, a thionscnaíonn an próiseas ceadúnaithe do sheirbhísí raidió. Mar a leagtar amach sa reachtaíocht, tá próiseas foirmiúil reachtúil rialála ann maidir le seirbhísí a thabhairt isteach a dhéanann an rialtóir neamhspleách, agus ní mór dó go leor gnéithe a chur san áireamh, lena n áirítear na himpleachtaí a bhaineann le cúnamh Stáit.
Tabharfaidh Coimisiún na Meán aghaidh ar na chéad chéimeanna eile ina chlár oibre atá á ullmhú aige faoi láthair, mar a dúirt mé leis an Teachta eile. Go ginearálta, beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an bpróiseas: straitéis nó plean ceadúnaithe a ullmhú ina leagtar amach líon, cineál agus ré na gconarthaí craolacháin a bheartaíonn an t-údarás a dhéanamh; measúnú ar an tionchar earnála a dhéantar i gcás conarthaí tráchtála; iarratais nó léirithe spéise a lorg agus gach iarratas a mheasúnú de réir fhorálacha an Achta Craolacháin, 2009; agus dul i dteagmháil le ComReg agus a bheith freagrach as spás speictrim a leithdháileadh ar gach seirbhís craolacháin. Tá sé seo tábhachtach é seo a thabhairt faoi deara go háirithe i gcomhthéacs soláthar teoranta speictrim do stáisiúin náisiúnta FM eile. Mar a dúirt mé, más féidir an tseirbhís seo a chur ar fáil, ba mhaith liom é sin a dhéanamh ach ní ceist shimplí é maidir le maoiniú a chur ar fáil d'eagraíocht seirbhíse agus an próiseas ceadúnaithe reachtúil a leanúint.
Tuigtear dom go bhfuil trí scéim ar leith á reáchtáil ag Foras na Gaeilge faoi láthair le tacaíocht a chur ar fáil do na meáin scríofa i nGaeilge. Tá scéim do nuachtáin ar líne faoina fhaigheann Tuairisc.ietacaíocht, tá scéim d’irisí Gaeilge faoina fhaigheann Comhartacaíocht, agus tá scéim d'irisí stíl mhaireachtála faoina fhaigheann Nós.iemaoiniú. Is scéimeanna cúig bliana atá sna trí scéim seo agus cuirfear suas le €2.5 milliún ar fáil do na trí fhoilseachán seo thar tréimhse na scéime. Rithfidh na conarthaí maoinithe seo ó 1 Iúil 2020 go dtí 30 Meitheamh 2025.
Maidir le Tuarisc.ie, beidh deontas ar luach €1.7 milliún á íoc do thréimhse cúig bliana go Meitheamh 2025. Is deontas bliantúil é sin atá os cionn €300,000. Bhí beagnach milliún cuairteanna ar shuíomh Tuairisc.iesa bhliain 2022 agus líon iomlán de 357 úsáideoirí ar leith le linn na bliana. Faoi láthair, níl aon rún ag Foras na Gaeilge na scéimeanna seo a leathnú amach, ach mar is eol don choiste, tá deiseanna nua ar fáil do na meáin Ghaeilge de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá sé mar fhoráil san Acht go bhfuil sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí sa Stát 5% de bhuiséid bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge. Leis an airgead breise seo ar fáil d’earnáil na meáin Ghaeilge, tiocfaidh deiseanna gnó chun cinn do na meáin Ghaeilge, nuachtán agus irisí, ar líne agus clóite san áireamh, chun tuilleadh airgead tráchtála a shaothrú gan a bheith ag braith ar mhórdheontais Stáit le leanúint de bheith ag trádáil. Tá poitéinseal sa chur chuige nua seo borradh a chur faoi earnáil sna blianta amach romhainn, rud a chruthóidh spéis agus deiseanna nua i measc iriseoirí, scríbhneoirí agus fiontraithe a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Maidir leis na meáin clóite, d’éirí liom €6 milliún a fháil le haghaidh dhá scéim nua maoinithe meán, sé sin, tuairisciú ar na cúirteanna agus tuairisciú ar an daonlathas áitiúil. Beidh na scéimeanna seo neodrach ó thaobh ardán de agus beidh Tuairisc.iei dteideal iarratas a dhéanamh. Déanfaidh Coimisiún na Meán na scéimeanna seo a riaradh níos déanaí i mbliana.
Mar is eol don choiste, d’éirigh Rónán Ó Domhnaill as a ról mar Choimisinéir Teanga ar 12 Feabhra 2023 lena ceapadh i ról nua mar Choimisinéir um Fhorbairt na Meán i gCoimisiún na Meán. Ar mhaith le leanúnachas a chinntiú i bhfeidhmiú cúramaí Oifig an Choimisinéara Teanga agus tar éis dó comhairle dlí a fháil ar an ábhar, tá feidhmeanna an Choimisinéara Teanga á dtarmligean chuig stiúrthóir na hoifige, Séamas Ó Concheanainn, faoi mar a cheadaítear faoi mhír 19 den Dara Sceideal d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Tá na feidhmeanna sin á dtarmligean aige ón 12 Feabhra go dtí go gceapfar Coimisinéir Teanga nua. Tá an Roinn ag tabhairt socruithe chun críche leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun comórtas a fhógairt do phost an Choimisinéara Teanga, agus táimid ag súil go n-eiseofar an fógra go gairid.
Tá soláthar do mhaoiniú ós cionn €14 milliún curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta i mbliana i gcomhar riarachán pá agus pinsin. Is méadú ós cionn €1 mhilliún é sin ar bhuiséid 2022. D’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta a ráiteas deireadh bliana le déanaí agus léirítear ann gur coinníodh fostaíochtaí Gaeltachta ag leibhéil seasmhach le linn 2022 agus go raibh fás suntasach i roinnt earnálacha tábhachtacha. Bhí 8,235 de na poist seo i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2022, i gcomparáid le 8,084 in 2021. Cruthaíodh líon suntasach poist in earnálacha na ndéantúsaíochtaí nideoige turasóireachta agus na teanga agus léiríodh seasmhacht agus buanadas i margadh fostaíochta na Gaeltachta. Nuair a thugtar laghdú poist san áireamh, feictear glanmhéadú do 151 poist ina iomláine agus ardú ar an líon fostaíocht i bhformhór na ceantair Ghaeltachta.
Ó thaobh na réigiún de, tá sé luaite sa ráiteas go raibh cúrsaí fostaíochta an-dearfach i gCiarraí, áit a raibh glanmhéadú de 83 post, sé sin, méadú 13% i gcomparáid le 2021. Bhí an fhostaíocht láidir freisin i bPort Láirge agus i gContae na Mí. Tar éis deacrachtaí na paindéime Covid-19, bhí dúshláin eacnamaíochta le sárú ag comhlachtaí le linn 2022, go príomha i dtaobh ardaithe ar chostais – costais fuinneamh go háirithe – agus timpeallacht leochaileach trádála go idirnáisiúnta de bharr coinníollacha geopholaitíochta. Tá seasmhacht léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta agus téarnamh áirithe feicthe sa bhfostaíocht atá á thiomáint ag nuálaíocht na gcomhlachtaí.
Níl sé fíor a rá nach bhfuil airgead caipitil ag Údarás na Gaeltachta. Ní raibh an Teachta Connolly ach ag caint faoi thogra amháin, Ionad Pobal Mhaigh Cuilinn. Beidh airgead ar fháil ó fhoinsí eile don togra sin, mo Roinn féin agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ina measc. D’fhéadfadh airgead a bheith ar fáil don údarás do thograí Mhaigh Cuilinn sna blianta amach romhainn, ag braith ar an Meastachán sna blianta sin. Níl an togra sin ach sa staid pleanála faoi láthair.
Sílim go bhfuil gach rud ansin.
No comments