Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 20 April 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Leithdháileadh Airgid ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht agus Buiséad TG4: An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá roinnt ceisteanna agamsa. Ní fheicim go bhfuil aon duine eile ag teacht isteach ag an bpointe seo. Measaim go bhfuil sé ceart go ndéanaimid comhbhrón le clann agus comhghleacaithe Sheán Ó Tuairisg, atá imithe ar shlí na fírinne. Suaimhneas síoraí dó. Duine de cheannródaithe raidió Gaeilge in Éirinn, a bhí gafa le Saor Raidió Chonamara ar dtús báire agus ansin le Raidió na Gaeltachta, ab ea é. Ina dhiaidh, bhí sé bainteach leis an ngluaiseacht do chearta sibhialta. Measaim go bhfuil sé ceart, agus muid ag caint faoi na meáin Ghaeilge, an deis sin a thapú.
Tá cúpla ceist agam maidir leis na meáin agus ceann nó dhó eile. Ceist nach bhfuil freagartha ach b’fhéidir gur féidir roinnt suntais a thabhairt di agus í a ardú le Coimisiún na Meán ná cad go díreach is clár Gaeilge ann. Tá a fhios againn cad is clár Béarla ann ach ó thaobh an BAI níl sé soiléir go díreach cad is clár Gaeilge ann. Cé mhéad Gaeilge ar gá a bheith ann agus cé mhéad Béarla atá inghlactha ann? Bíonn Béarla go minic le cloisteáil agus níl aon chéatadán ann ó thaobh an Bhéarla de. Caithfidh sé a bheith soiléir cad é clár dátheangach, mar shampla. Tá roinnt acu atá dátheangach agus tá siad thíos mar chlár Gaeilge agus ag fáil íocaíocht mar chlár Gaeilge ach bíonn an oiread céanna Béarla ann agus atá Gaeilge.
Bhí muid ag caint faoi níos luaithe faoi mhaoiniú TG4. Sin an cheist a bhí anseo. Tá a fhios agam go bhfuil Coimisiún na Meán ann agus gach rud eile, ach ó thaobh TG4 de, fáiltím roimh an ardú suntasach thar na blianta do TG4. Is léir ón obair atá á dhéanamh acu go bhfuil siad ag caitheamh an airgid sin i gceart agus nach bhfuil sé ag dul isteach i bpoll slogaidí. Measaim gur €52 milliún an fhigiúir faoi láthair, ach nuair a chuirtear i gcomparáid le S4C é, mar shampla, tá dhá oiread airgid á fháil ag S4C agus atá á fháil ag TG4. Nuair a bhí an tAire ag freagairt maidir leis an bplean digiteach agus an plean maidir le Cúla4, is léir go bhfuil siad ag pleanáil ar an ngannchuid, in ainneoin an ardaithe atá faighte.
Bhí TG4 agus dreamanna ó na meáin Ghaeilge anseo os ár gcomhair agus is léir gur ghá fós leanúint leis an ardú suntasach ionas go sroichfimid, ar a laghad, comhréir le stáisiúin cosúil le S4C nó, fiú amháin, an staisiúin teilifíse i dTír na mBascach, áit atá siad ag streachailt leis an sórt fadhbanna céanna is atá againn mar theangacha mionlaigh i ndomhan Béarla nó teanga eile atá i bhfad níos láidre nó an teanga mionlaigh sin.
Tá ceist eile agam, agus tá a fhios agam go bhfuil ról ag Coimisiún na Meán ann, ach amach anseo, cuirim ceist faoi stáisiún raidió do dhéagóirí agus a leithéid. Bíonn daoine ag caint faoi stáisiún Raidió Rí-Rá, mar is é sin an cineál choincheapa maidir leis na meáin atá ann atá dírithe orthu siúd atá óg. Tá na meáin mar seo in ann craoladh i mbealaí difriúla chun an lucht éisteachta sin a shroicheadh.
Fad is atáimid ag caint faoi na meáin i gcoitinne, agus tá gach rud eile sórt ceangailte, tá fíorbheagán airgid, maoinithe nó deontas ar fáil do na meáin chlóite nó nuachta eile ar nós Tuairisc.ie, Nós.ie, Peig.ienó a leithéid chun dul in iomaíocht leis na nuachtáin Bhéarla ar fad. Tá súil agam go mbeidh an tAire ag díriú isteach ar an gcaoi is féidir breis maoinithe a fháil do na meáin chlóite nó ar líne atá ann anois. Tá irisí ar líne, tá nuachtáin ar líne agus tá géarghá cuidiú leo ionas go mbeidh siad in ann a bheith ar chomhchéim lena leithéid i mBéarla. Mar shampla, chonaiceamar an fógra an tseachtain seo caite ó Mediahuis, an dream atá i gceannas ar an Irish Independentagus a leithéid, go mbeidh an comhlacht sin críochnaithe le clóbhualadh nuachtán faoi 2030 mar go dtuigeann sé go bhfuil na nuachtáin ag dul ar líne. Chun go mbeadh na heagrais, na nuachtáin, nó na tréimhseacháin Ghaeilge in ann dul san iomaíocht leo siúd ar líne, caithfear airgead a bheith ar fáil dóibh.
Tá ceist dheireanach agamsa maidir leis na meáin, is é sin faoin gCoimisinéir Teanga. Táimid anois gan Choimisinéir Teanga agus tá an tuarascáil is déanaí foilsithe ag oifig an choimisinéara inniu, is dóigh liom, mar a tuairiscíodh sna nuachtáin. Tá fadhb ann mar go raibh an folúntas ann ach nach raibh an córas nó an feachtas ceapacháin tosaithe a luaithe agus a bhí a fhios ag an Aire go raibh an folúntas sin le líonadh. Bheadh an t-eolas sin ag an Aire níos tapúla ná mar a bheadh sé ag an gcuid eile dínn. Rinne an iarchoimisinéir, Rónán Ó Domhnaill, sárobair nuair a bhí sé ina choimisinéir agus roghnaigh an tAire é mar cheann de na coimisinéirí i gCoimisiún na Meán nua. Bheadh a fhios ag an Aire láithreach, dá réir, nuair a ghlac Rónán Ó Domhnaill an cinneadh sin go raibh gá le duine a roghnú nó a fhostú chun teacht i gcomharbas air. An bhfuil aon mhíniú ag an Aire maidir leis sin, lena toil?
Tá ceist dheireanach eile anois agam mar bhí na ceisteanna ar fad eile a chuir mé cheana féin ceangailte le chéile. Tá an cheist dheireanach seo ar ábhar iomlán difriúil, is é sin faoin a laghad airgid a cuireadh ar fáil Údarás na Gaeltachta i mbliana. D'ardaigh mé an cheist seo leis an Aire Stáit, an Teachta O’Donovan, agus níor thug sé aon fhreagra chuí dúinn faoin a laghad airgid bhreise a tugadh don údarás. Bhí an Teachta Connolly ag labhairt faoi nach raibh airgead breise ag an údarás chun caitheamh ar chaiteachas caipitil togra amháin. Mura bhfuil airgead breise ag an údarás ag an am i láthair chun caitheamh ar obair caipitil chun comhlachtaí nó a leithéid a mhealladh isteach sa ceantar nó do scéimeanna eile atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta, is siar atá an t-údarás agus muid féin ag dul. Is iad sin mo cheisteanna don Aire, lena toil.
No comments