Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 8 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seachtain na Gaeilge: Cruinniú leis na Scoileanna
Mr. Alex Muntean:
Guím beannachtaí na hardspéire ar an gcoiste. Is ó Ghaelcholáiste na Mara mé agus táim anseo inniu chun an topaic “an córas sláinte – an gá éigeandáil náisiúnta a fhógairt?” a phlé. Ar dtús báire, labhróidh mé faoi roinnt fadhbanna atá bainteach leis an gcóras seo ar nós deacrachtaí teacht ar an tseirbhís agus an easpa spáis atá ann. Tar éis sin, taispeánfaidh mé an taobh dearfach, na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an córas a fheabhsú agus an chabhair bhreá atá á thabhairt faoi láthair.
Is léir dúinn go léir go bhfuil caighdeán na seirbhísí sláinte thar barr anseo in Éirinn, ach cén maitheas é an caighdeán seo murar féidir linn teacht ar na seirbhísí cuí? Go hiondúil, bíonn roinnt deacrachtaí ag daoine leis an bpróiseas sna hinstitiúidí sláinte. Tugann go leor daoine cuairt saor in aisce ar an dochtúir ginearálta mar thoradh ar an gcárta sláinte, beag beann ar an rud atá mícheart leo. Bíonn an dochtúir plódaithe leis an uafás míonchásanna agus ní thugtar mórán airde ar na mórchásanna dá bharr. Cuireadh struchtúr an phróisis i mbealach go bhfuil sé riachtanach an dochtúir ginearálta a fheiceáil agus tú ag lorg obráide. Mar sin, de bharr nach dtuigeann daoine luach an chárta sláinte, bíonn an iomarca daoine ag fanacht agus cuirtear moill ar an bpróiseas.
Is fadhb mhór eile í, atá go mór i mbéal an phobail, an easpa leapacha sna hospidéil. Is cosúil nach stopann an fhadhb ansin agus go bhfuil easpa dochtúirí agus ospidéal sa tír chomh maith. Ní féidir leis an gcóras freastail mar is ceart ar an daonra agus sin í an chúis leis na liostaí fada feithimh. Dá bhféadfaí níos mó ospidéal a thógáil agus níos mó dochtúirí a oiliúint, bheadh seirbhís i bhfad níos éifeachtaí againn sa todhchaí. Ba chuma cé mhéad leapa a bheadh sa tír, mura bhfuil aon ospidéal chun iad a chur ann, aon dochtúirí chun freastal orthu agus aon bhanaltraí le haire a thabhairt dóibh. I dtéarmaí níos simplí, níl a ndóthain acmhainní sa chóras sláinte i gcomhair daonra na tíre agus tá níos mó ag teastáil chun seirbhís mhaith a thabhairt do gach aon duine.
Conas is féidir linn na fadhbanna seo a réiteach gan infheistíocht éifeachtach a dhéanamh san earnáil? Anuraidh, sa bhliain 2022, shocraigh an Rialtas buiséid €23.4 billiún a chaitheamh anseo agus sa bhliain chéanna, bhí GDP na hÉireann timpeall €480 billiún. Chaitheamar timpeall 5% dár GDP ar an gcóras sláinte, an méid céanna agus a chaitheann tíortha eile san Aontas Eorpach chomh maith. Mar sin, cén fáth go n-éiríonn leo níos mó leapacha agus dochtúirí agus córas níos éifeachtaí agus níos tapúla a bheith acu? Is cosúil nach bhfuil aon éifeacht leis an airgead a chuirtear isteach anseo mar go bhfuil an Rialtas níos dírithe ar dheontais agus ar chártaí sláinte a thabhairt ná an córas a láidriú agus freastal mar is ceart ar na riachtanais atá ann.
Tá mé tar éis an chórais sláinte a cháineadh go mór, ach is fadhb riaracháin agus bainistíochta é seo, den chuid is mó. Tá caighdeán na ndochtúirí in Éirinn iontach ar fad agus is ceann de na tíortha is fearr san Eoraip í Éire sa réimse seo. Tá dochtúirí na tíre oilte agus tá taithí mhaith acu freisin. Is daoine díograiseacha iad agus tuilleann siad tuarastal mór chun é sin a thaispeáint. Tá ról an-tábhachtach ag na dochtúirí seo agus is daoine riachtanacha iad chun an córas sláinte a reáchtáil, ach is cúis é seo lena n-uaireanta fada oibre. Bíonn tuirse agus strus ar dhochtúirí agus banaltraí go rialta agus laghdaítear éifeachtúlacht an chórais sláinte dá bharr.
Tá áthas orm a rá go bhfuil botúin agus laigí an chórais sláinte á ndeisiú faoi láthair ag an gclár Sláintecare. Tá sé d’aidhm ag Sláintecare a bheith freagrach as a bhotúin agus spriocanna na ndaoine a bhaint amach. Cuirfidh an clár seo seirbhísí atá dírithe ar an othar ar fáil go tapa agus go héifeachtach, tríd lucht saothair atá díograiseach agus tuisceanach a úsáid. Tá plean mionsonraithe leagtha amach ag an gclár Sláintecare chun an córas sláinte a fheabhsú agus seirbhísí nua a chur ar fáil chomh maith.
Chun deireadh a chur le mo chuid cainte, tabharfaidh mé achoimre ar an méid atá ráite agam. Ar dtús, labhair mé faoi roinnt deacrachtaí sa chóras agus ró-phlódú na ndochtúirí ginearálta agus easpa ionaid agus daoine oilte san earnáil seo. Tar éis é sin, labhair mé faoi na fadhbanna infheistíochta sa chóras, caighdeán na ndochtúirí sa tír, maidir lena ndeacrachtaí agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun feabhas a chur ar an gcóras faoi láthair. Le gach rud ráite anois, ní dhearfainn gur gá éigeandáil náisiúnta a fhógairt. Is cinnte go bhfuil fadhbanna sa chóras sláinte agus nach n-imeoidh na fadhbanna sin go héasca. Mar sin, tá comhoibriú ag teastáil ionas gur féidir linn go léir córas níos fearr a chruthú don todhchaí agus ní gá éigeandáil a fhógairt. Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcoiste as ucht cuireadh a thabhairt dom teacht agus labhairt inniu agus gabhaim buíochas leo as ucht éisteacht liom.
No comments