Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Sula bhfreagróidh na finnéithe, is é an fáth nár thugamar an CNCM os ár gcomhair inniu ná nach raibh an t-athbhreithniú críochnaithe. Beimid ag díriú isteach air maidir leis an athbhreithniú. Tá sé i gceist ag an gcoiste cruinniú a eagrú a luaithe is atá an t-athbhreithniú sin déanta mar tá ceisteanna faoin gcóras ar fad.

Inniu, chuireamar cuireadh chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit teacht os ár gcomhair díreach mar gheall ar an bpáipéar agus ar an slí a thángamar ar an bpáipéar faoina raibh daoine ag gearán faoi anuraidh. Tuigim na ceisteanna eile maidir leis an mbéaltriail. Ansin freisin, d'fhéadfaí go mbeidh an Roinn féin os ár gcomhair, más gá. In ionad go mbeadh trí chomhrá ar siúl ag an am céanna, chinneamar go nglacfaimis le finnéithe diaidh ar ndiaidh toisc gur ardaigh na múinteoirí agus ionadaithe na ndaltaí na ceisteanna móra linn, go háirithe faoin scrúdú. Bhí ceisteanna eile faoin gcóras don trí bliana ina iomláine maidir leis an ábhar féin agus an chaoi a chaitear le hábhar na Gaeilge. Tuigimid go bhfuil na finnéithe gafa go díreach leis an bpáipéar scrúdaithe agus leis na treoracha agus gur gá dóibh an treoir a thugann an CNCM dóibh a ghlacadh agus a chur ar pháipéar. D'fhéadfadh na finnéithe ceist an Teachta a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.