Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na bhfinnéithe. Tá sé deacair an méid seo a léamh. Níl daoine ag insint bréag. Tá siad ag cur síos ar an taithí atá acu ar an talamh sna ranganna. Cloisim go bhfuil na torthaí go maith agus ba mhaith liom na sonraí sin a fheiceáil ó thaobh na bhfigiúirí de. Bheadh sé suimiúil a fháil amach cé mhéad de na daltaí atá ag dul ar aghaidh chun onóracha a dhéanamh.

Is é an príomhthéama atá ag teacht tríd ár n-aiseolas ná go bhfuil gá práinneach leis an scrúdú béil a chur ar ais agus ní leor an méid atá ag tarlú, is é sin measúnú taobh istigh den rang. Tá cur síos anseo, mar a dúirt mé, ó thaobh na sonraíochta de maidir leis an bpáipéar samplach agus is é sin nach raibh sé representative. Chuaigh na daltaí isteach sa scrúdú agus bhí siad dall, i ndáiríre, mar níor tháinig aon rud chun cinn sa scrúdú a bhí cosúil leis an scrúdú samplach. Níl mise ach ag athrá anseo an rud go léir atá feicthe agam. Ní raibh rogha ar bith acu. Bhí easpa roghanna i gceist agus easpa soiléireachta ó thaobh marcanna, agus an méid marcanna a bhí ag dul do phíosa den cheist, agus araile.

Tá neart ráite agam agus b'fhéidir go mbeidh orainn an t-ábhar seo a thabhairt do dhream eile, níl a fhios agam. An mbeidh an t-athbhreithniú foilsithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.