Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Ms Andrea Feeney:

Is príomhoifigeach feidhmiúcháin Choimisiún na Scrúduithe Stáit mé. Liom anseo inniu, tá Elaine Sheridan, comhghleacaí liom i gCoimisiún na Scrúduithe Stáit agus ceann na rannóige scrúduithe agus measúnuithe. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an chomhchoiste as an gcuireadh anseo chun eolas a thabhairt faoi scrúduithe Gaeilge T2 sa tsraith shóisearach i 2022. Is é an ról atá ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ná polasaithe scrúduithe agus measúnaithe a chur i bhfeidhm faoi stiúir an Aire Oideachais. Cuireann an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, comhairle ar an Aire faoi fhorbairt an churaclaim. Tá córas níos leithne measúnaithe agus tuairiscithe mar chuid de pholasaí an Rialtais maidir le hathbhreithniú ar an tsraith shóisearach.

Socraíonn Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar na mionsonraí maidir le struchtúr agus ábhar an scrúdaithe i ngach aon ábhar scoile ar leith trí chomhairliúchán leis an Roinn Oideachais agus leis an CNCM, agus déantar na mionsonraí sin a dhearadh chun sampláil chuí a dhéanamh ar na torthaí foghlama. Réitíonn Coimisiún na Scrúduithe Stáit na scrúduithe deiridh de réir na struchtúr uileghabhálach atá leagtha amach ag an Roinn atá mar chuid d’athbhreithniú na sraithe sóisearaí. Bhí próiseas mionchúiseach i gceist le réiteach na bpáipéar le cinntiú gur réitíodh iad de réir threoirlínte agus phrótacail CSS agus go bhfuil siad ag teacht go hiomlán leis an tsonraíocht.

Mar chuid den phróiseas sin, d’athbhreithnigh saineolaithe ábhair na bpáipéar chun measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht, ar oiriúnacht na torthaí foghlama éagsúla, ar shoiléireacht na teanga iontu agus ar an dúshlán a bhaineann leo. Feictear do Choimisiún na Scrúduithe Stáit go bhfuil scrúduithe Gaeilge na sraithe sóisearaí 2022, idir struchtúr, ábhar, leagan amach agus leibhéal deacrachta, ag teacht go hiomlán le haidhm uileghabhálach an athbhreithnithe ar an tsraith shóisearach. Féadtar a thabhairt dá n-aire go dtugann gnóthachtáil na n-iarrthóirí sna scrúduithe agus caighdeán na hoibre a chuir siad ar fáil, le tuiscint go raibh tromlach mór na n-iarrthóirí in ann tabhairt faoi na tascanna scrúdaithe, mar is cuí, agus torthaí a bhaint amach a thug léiriú cuí ar an gcaoi ar éirigh leo na torthaí foghlama a bhaint amach.

Maidir le T1 agus T2 sa Ghaeilge, tuigtear dúinn go bhfuil obair ar siúl ag an CNCM ar athbhreithniú luath sa chur i bhfeidhm, próiseas a bhfuil cineálacha éagsúla aiseolais agus taighde i gceist leis. Tá súil againn go dtuigfidh an coiste gur gníomhaireacht muid atá freagrach as cur i bhfeidhm cinntí polasaí a dhéanann an Roinn agus an tAire agus, dá réir sin, nach mbeadh sé cuí dá labhróimis faoi na polasaithe féin. Tá Iníon Sheridan agus mé féin sásta aon cheisteanna atá ag an gcoiste a fhreagairt ach iarraimid ar an gCathaoirleach, lena thoil, gur trí Bhéarla a bheadh aon phlé eile linn ionas gur féidir tabhairt faoin bplé sin go líofa, soiléir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.