Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirfimid tús leis an gcruinniú. Ar líne, tá an Teachta Aindrias ó Muineacháin. Tá na Seanadóirí Kyne, Ward agus Clifford-Lee ann freisin, mar aon leis an Teachta Connolly agus liom féin. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4 p.m., más gá, mar tá cruinniú ag an roghchoiste ar 4 p.m., ach tá súil agam nach leanfaidh sé chomh fada sin. Níl aon leithscéal faighte againn. Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus roimh aon chomhalta eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú seo freisin, roimh ár bhfinnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair inniu, agus, dár ndóigh, roimh ár lucht féachana anseo i seomra coiste 4 agus ar Theilifís an Oireachtais.

Cuirim fáilte roimh an bpríomhoifigeach feidhmeannach, Andrea Feeney, agus ceann na rannóige scrúduithe agus measúnaithe, Elaine Sheridan, mar ionadaithe thar ceann Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú seo ó sheomra coiste 4, laistigh de pharlúin Thithe an Oireachtais.

Sula leanaimid ar aghaidh lenár mbreithniú ar an ábhar maidir le páipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí i mbliana agus amach anseo, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na finnéithe agus na comhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú.

Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú seo go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá aon duine ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a ngléas físeáin a bheith ar siúl an t-am go léir le go mbeidh siad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Ní mór a chinntiú de go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ina luí ar na finnéithe go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don choiste má eisítear ordú dá leithéid.

Déanfaimid ár mbreithniú ar ábhar an chruinnithe seo. Iarraim ar phríomhfheidhmeannach, Andrea Feeney, an ráiteas tosaigh a thabhairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.