Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé

Photo of Barry WardBarry Ward (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo as ucht teacht isteach. Déanaim comhghairdeas leo ar "An Cailín Ciúin". Bhí sé go hiontach ar fad. Bhí seans agam é a fheiceáil buíochas le Trevor Ó Clochartaigh, a thug cuireadh dúinn teacht go dtí an Irish Film Institute chun é a fheiceáil. Mar dhuine a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge i gColáiste na Rinne sa Rinn, bhí an-áthas orm an Ghaeilge sin a chloisteáil sa scannán. Bhí sé go hiontach ar fad agus déanaim comhghairdeas leis na finnéithe.

Cuirfidh mé ceist ghairid faoi fhógraíocht ar TG4. Bhí na finnéithe ag labhairt faoin méid atá déanta ag TG4 do mhuintir na hÉireann agus ag rá gur taisce cultúrtha atá i gceist leis. Táim 100% leo ar an ábhar sin. Tá sé go hiontach. Aontaím go hiomlán leo faoin méid a dhéanann sé do dhaoine atá taobh amuigh den Ghaeltacht. I mo cheantar féin i nDún Laoghaire, tá a lán Gaeilgeoirí ann a labhraíonn an Ghaeilge gach lá. Tá Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí againn. Is iontach an rud é do na daoine sin go bhfuil an tseirbhís ann. Tá an tseirbhís go hiontach. Ag an am céanna, má táimid ag labhairt faoi thaisce cultúrtha, is é an cheist atá agam ná cén fáth a bhfuil fógraíocht i mBéarla agus fógraíocht ón mBreatain agus tíortha eile á taispeáint. Más é jab TG4 an cultúr sin a chur i bhfeidhm dúinn, ní cheart dó an fhógraíocht sin i mBéarla nó ó thíortha eile a bheith aige. Tuigim go gcaithfear íoc as an tseirbhís agus go bhfuil rudaí eacnamaíochta ann, rudaí atá cinnte tábhachtach, ach, más gá fógraíocht a dhéanamh trí Bhéarla, nach féidir fotheidil a chur uirthi chun an balance sin a dhéanamh idir an dá rud? Fiú maidir leis an bhfógraíocht Bhéarla, bíonn fadhb agam nuair atá blas Sasanaigh le cloisteáil inti. Níor mhaith liom a bheith anti-Sasanach agus níl mé ag iarraidh aon rud mar sin a rá ach, má táimid ag labhairt faoi thaisce cultúrtha maidir le TG4, tá jab ag na finnéithe é sin a fheabhsú. Cad is féidir a dhéanamh faoin bhfógraíocht sin ón mBreatain agus faoin bhfógraíocht i mBéarla?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.