Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 February 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé
Mr. Alan Esslemont:
Luaim rud nach dtuigeann daoine faoi TG4. An chéad player a bhí ar na hoileáin seo, an Bhreatain agus Éire, is ag TG4 a bhí sé. An duine atá i gceannas ar chúrsaí digiteach do TG4, Peadar Ó Flatharta, tháinig sé isteach agus bhunaigh sé player sula raibh ceann ag Channel 4, BBC nó RTÉ. Is rud é go bhfuilimid ag smaoineamh air an t-am ar fad, go háirithe mar gheall gur chraoltóir domhanda muid. Mar gheall ar na cearta atá againn le cláir coimisiúnaithe, táthar in ann breathnú ar chláir TG4 ar fud an domhain má tá siad coimisiúnaithe againn. Thuig muid, an-luath, an tábhacht a bhain le player. Ó shin, bhí an meon againn go raibh muid ag forbairt an t-am ar fad.
Deirim rud faoi chúrsaí líneacha i gcónaí. Tá lucht féachana an-ard i gcónaí le haghaidh teilifís líneach. An rud a deirim le mo chuid comhghleacaithe i gcónaí ná gan aon dochar a dhéanamh ansin, rud atá an-tábhachtach. Go háirithe leis an gcúnamh atáimid ag fáil ón Rialtas seo, tá ag éirí linn forbairtí ar an taobh neamhlíneach a dhéanamh. Tá go leor forbartha déanta ar an player agus tá player againn do pháistí. Tá ardán againn le haghaidh daoine óga le BLOC agus tá ardán sóisialta againn le haghaidh phobal labhartha na Gaeilge, ach go háirithe le haghaidh phobal na Gaeltachta. Tá ag éirí thar cionn leis na hardáin sin.
Níl na figiúirí foilsithe againn fós - beidh siad ag teacht ag an Oireachtas - ach tá ardú thar cuimse ar video views den ábhar atá TG4 ag déanamh. Táim sásta go bhfuil muid ag déanamh go maith sa spás sin. Is cuid de DNA TG4 é a bheith ag díriú ar an taobh digiteach. Táim an-soiléir freisin nár cheart dúinn dochar a dhéanamh do sheirbhís líneach TG4. Tá sé an-tábhachtach. Chonaic muid é sin sa phaindéim. Labhair an Coimisiún um Thodhchaí na Meán faoi "critical public infrastructure". Feictear dom gurb é sin an chaoi ina n-oibríonn na meáin seirbhíse poiblí agus tá sé níos tábhachtaí arís i leith na Gaeilge.
Maidir le fógraíocht, tá go leor scéalta chailleach an uafáis faoi seo ach ní bheidh muid riamh ag saothrú an méid airgid a shaothraíonn na meáin Bhéarla. Má fhaigheann RTÉ euro ón Rialtas, tá sé in ann euro a dhéanamh tríd an bhfógraíocht mar gheall go bhfuil sé ag craoladh i mBéarla. Má fhaigheann muid féin euro ón Rialtas, táimid in ann thart ar 10 cent a shaothrú tríd an bhfógraíocht. Is é sin an spás ina bhfuil muid le mionteanga. Tá an méid atáimid ag saothrú tríd an bhfógraíocht ag ardú. Feictear dom go bhfuil sé ag ardú mar go bhfeiceann daoine go bhfuil go leor fós ag teacht le chéile le teilifís líneach. Táimid ag coinneáil súil air an t-am ar fad ach, le roinnt blianta anuas, mar gheall go bhfuil ardú ag teacht ar lucht féachana TG4 ar aon nós, tá ardú ag teacht ar an méid atáimid in ann saothrú tríd an bhfógraíocht. Táimid ag súil go dtiocfaidh sé seo ar aghaidh ar an mbealach sin. Athraíonn an saol agus athraíonn rudaí ach, faoi láthair, tá mé sásta.
Maidir leis an maoiniú faoi section 481, is rud an-mhaith a bhí san ardú réigiúnach ach bhí lochtanna air. Aontaím leis an Rialtas go raibh lochtanna air. Mar a dúirt mé, sílim gurb é an bealach ar aghaidh ná deontais réigiúnacha gur féidir iad a chur ar fáil aon áit sa Stát agus ardú Gaeltachta a thabharfadh deis do na comhlachtaí atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Tá clusters sa Ghaeltacht nach bhfuil in aon áit eile ach amháin Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin. Is sa Ghaeltacht amháin atá na clusters closamhairc i ndáiríre. Tá bunús ansin le tionscal láidir a bhunú. Faoi láthair, tá siad faoi mhíbhuntáiste. Rinne Olsberg SPI tuairisc píosa ar ais inar tugadh "metro-centricity" air sin. Tá sé sin fós ag feidhmiú. Thabharfadh an t-ardú Gaeltachta seo deis do na comhlachtaí atá ag iarraidh feidhmiú as an nGaeltacht láidriú. Is é an rud atá mise ag cuardach ná scála, is é sin, go mbeidh na comhlachtaí atá againn ag obair go hidirnáisiúnta. Tá cuid acu, mar Telegael, ag obair go hidirnáisiúnta. Nuair a thosaigh muide, bhí muid mar 95% de turnover Telegael. Ní dóigh liom go dtagann 5% dá turnover uainn anois. Léiríonn sé sin cad is féidir a dhéanamh ach caithfear tacaíocht a chur ar fáil. Tá comhlachtaí sa Ghaeltacht faoi mhíbhuntáiste faoi láthair.
No comments