Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 February 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé
Mr. Alan Esslemont:
Ó thaobh "An Cailín Ciúin", is é an fáth gur thug muid faoi ná go raibh muid ag iarraidh stádas a bhaint amach. Tá an-mholadh ag dul don stiúrthóir, Colm Bairéad, don léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi agus do Catherine Clinch agus na haisteoirí eile. Rinne siad an scannán i rith na paindéime Covid ar bhuiséad de €1.2 milliún. Is airgead mór é sin ach airgead an-bheag sa tionscal atá againn. Tá sé mar chuid de Cine4. Is é an aidhm le Cine4 ná an Ghaeilge a chur sna pictiúrlanna arís agus arís eile agus normalú a dhéanamh ar an eispéireas sin, a bheith ag dul ag an bpictiúrlann. Aontaím leis an Seanadóir. Tá sé ag cothú atmaisféar an-dearfach don Ghaeilge ar fad.
Ó thaobh na fógraíochta de, bhí mise mar chuid den ardbhainistíocht a sheol TG4. Is cuimhin liom go ndúirt muid ag an am go mbeadh an fhógraíocht uilig sa Ghaeilge. Theip orainn go dona. Go pointe, theip ar TnaG freisin. Níor éirigh linn an lucht féachana a fháil. Ansin, níor éirigh linn na fógraí a mhealladh. Suas go dtí trí bliana ó shin, bhí airgead TG4 ag leibhéal an-íseal. Bhí muid ag cuartú airgid aon áit ina gcuirfí airgead ar fáil agus ghlac muid le fógraí i mBéarla. Tá an obair atá déanta ag an Oireachtas ó thaobh béim a chur ar fhógraí Gaeilge an-tábhachtach sa tionscal. Feictear níos mó agus níos mó fógraí Stáit atá i nGaeilge ar na cainéil ar fad. Tá sé sin ag dul i bhfeidhm ar na fógróirí féin. Feiceann siad na fógraí ag dul amach ar TG4 agus aithníonn siad gur rud an-dearfach í an Ghaeilge. Labhraíonn siad faoi "An Cailín Ciúin". Sílim go bhfuil ag éirí linn é sin a athrú de réir a chéile. Aontaím leis an Seanadóir go hiomlán. B'fhearr liom go raibh an fhógraíocht ar fad i nGaeilge. Ba mhaith liom go leanfadh muid ar an mbealach chun é sin a bhaint amach. Sílim go mbainfimid amach é tríd íomhá na Gaeilge a chur chun cinn mar rud dearfach gur mhaith le fógróirí a n-ainmneacha a chur léi.
Is tuiscint nua in Éirinn atá ann. Sílim go bhfuil an tuiscint sin ag teacht tríd an obair atá TG4 ag déanamh faoi láthair. Creidim go ndéanfaimid dul chun cinn ó thaobh na bhfógraí.
Aontaím leis an Seanadóir ó thaobh fógraí ó thíortha eile ach, i ndáiríre, is ceist do na comhlachtaí atá ag déanamh fógraíochta í. Má chreideann siad gurb é sin an bealach is fearr leis an rud atá acu a chur ar aghaidh, beidh siad ag úsáid na fógraí sin. Tá fógraí daor. Má tá ceann déanta i Sasana, tá sé i bhfad níos éasca é a chur amach anseo ná ceann eile a dhéanamh.
No comments