Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Mr. Eoin ? Droighne?in:

Faoi láthair, is leis na ceantair Ghaeltachta amháin a bhaineann an fhoráil nach bhfuil stádas ach ag an logainm Gaeilge. Sa chuid eile den tír, tá stádas le bheith ag an leagan Béarla agus ag an leagan Gaeilge araon. Mar sin, dá mbeadh athrú lena dtugtar an chuid eile den Stát ar aon dul leis na ceantair Ghaeilge á chur i bhfeidhm, bheadh athrú suntasach ar an dlí ag teastáil. Mar a aithníonn na baill ar fad - agus thug an Teachta samplaí an-mhaith - is logainmneacha Gaeilge ó cheart iad formhór na logainmneacha sa Stát. Tá an cheist casta agus an-spéisiúil. Bheadh mo chomhghleacaí anseo in ann cur síos ar ghnéithe de sin agus ar na hAngla-Normannaigh agus na pobail éagsúla a tháinig isteach sa tír ach, go ginearálta, is féidir a rá go bhfuil an formhór bunaithe ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach.

Maidir le contaetha ar leith, san aighneacht a chuireamar ar aghaidh cúpla lá ó shin, tá liosta den obair reatha. Luaigh an Teachta Ciarraí. Is obair leanúnach atá ar bun. Nuair a bhíonn an obair ar chontae ar leith curtha i gcrích, is féidir an obair sin a chur faoi bhráid an Choiste Logainmneacha agus ansin dul i dtreo ordú a ullmhú a chuirfí faoi bhráid an Aire. Táimid tamall beag uaidh sin fós i gcás Chiarraí ach tá dul chun cinn ar bun.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.