Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir. Tá roinnt ceisteanna gairide agam. Is léir go bhfuil an-chuid oibre déanta ag na heagraíochtaí go léir. Bhí mé ag léamh faoin taighde i gCiarraí. Tá sé beagnach críochnaithe agus beidh sé ar fáil an bhliain seo chugainn. An bhfuil an ceart agam faoi sin? Ní raibh mé réidh chun ceisteanna a chur. Chonaic mé go raibh "an taighde déanta den chuid is mó ar ainmneacha riaracháin Chiarraí, Chill Dara agus Chill Mhantáin." Cén fáth go bhfuil moill ann? An mbeidh sé ann an bhliain seo chugainn? Bhí mé ag cruinniú in iarthar Chiarraí an mhí seo caite. Bhí fadhb ann leis an ESB. Bhíomar ag plé fadhbanna leis na logainmneacha sa cheantar. Níl an ceantar seo sa Ghaeltacht ach tá sé lena hais. Chuir a lán de na logainmneacha sa cheantar, mar shampla, Glenlough, Cloonbeg, Duagh, Shantalliv, Reennanallagane agus áiteanna eile, mearbhall ar chuid de na daoine a bhí ann toisc nach bhfuil an Béarla soiléir. Bheadh na logainmneacha sin i bhfad níos soiléire sa Ghaeilge. Maidir le Reennanallagane in aice le Glenveagh, tá cúpla spellings ar an leagan Béarla ach tá sé an-soiléir conas an leagan Gaeilge, Rinn na nDealgán, a litriú. An bhfuil opportunity againn scéim i bhfad níos leithne a bheith againn chun go mbeidh logainmneacha na ceantair bheaga seo i nGaeilge amháin nó go mbeidh presumption ann gur cheart an leagan Gaeilge a úsáid seachas an ceann i mBéarla? De réir dealraimh, éiríonn a lán mearbhaill ón leagan Béarla. An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe mar gheall air sin? Tá an fhadhb seo i gceist lena lán logainmneacha bailte timpeall na tíre agus phléigh muid iad nuair a bhí an tAcht faoi dhíospóireacht sa Dáil. Táim ag caint faoi áiteanna cosúil le Quilty nó Coillte agus An Obair nó Nobber. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh na logainmneacha sin as Gaeilge. An bhfuil seans againn an scéim a leathnú amach chun go mbeadh presumption ann gur cheart an leagan Gaeilge a úsáid?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.