Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Maidir le Ciarraí, níl ach dhá pharóiste le déanamh. Más buan mo chuimhne, is dhá pharóiste atá fágtha. Nílimid ach ag teacht chuig na bailte fearainn agus tá an taighde críochnaithe sa chuid eile den chontae. Tá sé scrúdaithe ag an gcoiste logainmneacha agus dá bharr, nuair a bhéas an dá pharóiste sin críochnaithe againne, an chéad chéim eile ná go mbeidh sé ag dul ós comhair an choiste. Ansin beimid ag ullmhú dréacht-ordú logainmneacha agus beidh tréimhse comhairliúcháin ann agus seans ag an bpobal aighneachtaí a chur isteach faoi na logainmneacha agus faoi na leaganacha Gaeilge, srl. Nuair atá an chéim sin críochnaithe, rithfear an t-ordú logainmneacha ansin ach beidh seans ag daoine aighneachtaí a dhéanamh ar dtús.

Is dócha go bhfuil sé chomh maith agam a shoiléiriú anois, ar eagla nach dtuigeann daoine, nach bhfuil baint againn le logainmneacha Béarla. Níl aon bhaint ar chor ar bith ag an mbrainse logainmneacha le logainmneacha Béarla nó an leagan Béarla den logainm. Go bunúsach, baineann na leaganacha oifigiúla atá ann sa Bhéarla leis an leagan den logainm atá le fáil ar an gcéad leagan de léarscáil SOÉ sé orlach. Mar sin táimid ag caint thart ar an tréimhse idir 1830 go dtí 1845. Socraíodh na logainmneacha Béarla le linn an tréimhse sin agus is iadsan – seachas eisceacht nó dhó – na leaganacha atá le fáil in innéacs na mbailte fearainn 1901 agus is iad sin na leaganacha oifigiúla Béarla atá ann. Níl aon bhaint againne leo siúd.

Má théann tú chuig logainm.ieagus má amharcann tú ar Oilgate – tugaimse Oilgate air mar bhaineann sé le mo chontae dúchais, Loch Garman - an leagan oifigiúil atá ar an mbaile sin ná "Oilgate" ach an leagan a bhíonn in úsáid go háitiúil ná "Oylegate". Caithfimid an leagan oifigiúil a úsáid ar logainm.ie. Tá ciall le sin fosta; sin an leagan atá ar na léarscáileanna oifigiúla de chuid SOÉ. Ní bheadh aon dealramh leis dá mbeadh muidne ag baint úsáid as leaganacha eile nó malartacha. Má bhímid ar an eolas faoi leaganacha malartacha, áfach, cuirtear isteach sa bhunachar sonraí iad. Mar sin, má dhéantar cuardach anois ar "Oylegate" ar logainm.ie, tiocfaidh tú ar an leathanach le haghaidh "Oilgate" agus gheobhaidh tú an leagan Gaeilge, "Maolán na nGabhar", freisin. Tá súil agam go bhfreagraíonn sé sin cuid den cheist.

Bhí ceist ann faoin mhoill atá i gceist le Cill Dara agus Cill Mhantáin. Más buan mo chuimhne, tá an coiste logainmneacha réidh le Cill Dara a scrúdú anois, agus ansin rachaidh sé ar aghaidh chuig na céimeanna eile. Bhí mé féin ag obair ar Chill Mhantáin agus tá ainmneacha deich mbailte fearainn, b'fhéidir, fós le scrúdú ansin. Tharla an phaindéim agus ní raibh mé in ann dul chuig na leabharlanna cuí agus a leithéid. Beidh na céimeanna céanna á leanúint ansin. Caithfidh mé a rá nach bhfuil ach foireann an-bheag ag an mbrainse logainmneacha agus is é seo cuid den chúis leis an mhoill ar chúrsaí fosta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.