Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé
Ms Grett O'Connor:
Dar ndóigh, in ainneoin na ndúshlán ar fad atá luaite againn, agus táid ann, tá go leor féidearthachtaí iontacha chomh maith do na coláistí samhraidh. Ina measc sin, is féidir oiliúint níos leithne ná díreach an teanga amháin a chur ar na daoine óga. D’fhéadfaimis scileanna saoil a mhúineadh dóibh - rudaí breise cosúil le cur i láthair a dhéanamh agus conas iad féin a chur in iúl, nó scileanna cumarsáide agus é sin ar fad.
Bheadh éileamh ar ghearrchúrsaí Gaeilge i rith na bliana. Tá sé tosaithe in a lán áiteanna anois go bhfuil daltaí idirbhliana agus daltaí eile ag teacht go dtí na Gaeltachtaí. Is deis mhór é sin.
D’fhéadfaí nasc a dhéanamh le Cumann Lúthchleas Gael chun dianchúrsaí traenála pheile nó iománaíochta a reáchtáil. B’fhéidir go bhfuil sé sin luaite ag na finnéithe cheana. D’fhéadfaí iad a reáchtáil sna coláistí samhraidh d’fhoirne óga agus aosta.
D’fhéadfaí cúrsaí a chur ar fáil do mhic léinn ollscoile ó thíortha eile. D’fhéadfaí blaiseadh de chultúr na hÉireann a thabhairt dóibh agus iad lonnaithe sa Ghaeltacht ar feadh tréimhse ghearr. Tá seans ann go bhfoghlaimeoidís níos mó ansin ná mar a d’fhoghlaimeoidís laistigh den ollscoil riamh.
Is féidearthacht eile a fheicimid ná dianchúrsaí ullmhúcháin a dhéanamh don scrúdú béil ardteistiméireachta mar bíonn go leor daoine scanraithe faoin scrúdú béil. Is dóigh liom go bhfuil deis iontach ansin daoine a thabhairt isteach go díreach chun díriú air sin.
No comments