Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé
Mr. Diarmuid ? D?laigh:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na comhaltaí as an gcuireadh a thabhairt dúinn bheith anseo inniu ar son Choláiste na Mumhan. Mar is eol do chuid mhaith acu – b’fhéidir go raibh baint ag cuid acu nó a gclann le Coláiste na Mumhan agus Conradh na Gaeilge - is é Coláiste na Mumhan an coláiste samhraidh is sine sa tír. Bhí sé ar an gcéad cheann nuair a bunaíodh é in 1904. Tá traidisiún láidir fada againn. Ní foláir nó go raibh go leor dúshlán le sárú ag na daoine a bhunaigh é fadó; i bhfad níos mó ná mar atá le sárú againne sa lá atá inniu ann agus muid ag caint ach d’éirigh leo mar sin féin.
Tá dúshláin os ár gcomhair fós sa lá atá inniu ann. Mar atá luaite anseo cheanna, tá deacrachtaí ag aimsiú mná tí agus teaghlaigh atá sásta mic léinn a choimeád sa tigh. Tá an Béarla an-láidir i saol na ndaoine agus na ndaoine óga sa lá atá inniu ann agus dá bhrí sin, tá sé níos deacra dúinne an Ghaelainn a chur ina luí orthu nó iad a mhealladh chun na Gaeilge a labhairt. Tá go leor rudaí a chuireann bac leo agus iad ag foghlaim na teanga chomh maith, idir theicneolaíocht agus rudaí eile.
Tá cúrsaí samhraidh Ghaeilge ar fáil in a lán áiteanna timpeall na tíre lasmuigh den Ghaeltacht - sa Ghalltacht - agus bíonn cuid mhaith acu ar chostas níos ísle agus teacht orthu níos fusa ná mar atá againne. Samhlaíonn daoine go minic go bhfuil na cúrsaí sin díreach chomh maith leis an nGaeltacht agus ní thuigeann siad an taithí a fhaigheann siad. Bíonn sé deacair foireann a aimsiú. Thógamar é sin faoi deara anuraidh agus blianta eile. Mar aon le haon chomhlacht nó eagraíocht timpeall na tíre, tá sé an-deacair foireann a earcú. Tá ganntanas múinteoirí timpeall na tíre ach go háirithe iad sin go mbeadh Gaeilge chruinn líofa acu.
No comments