Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Plé

Mr. Shane ? Coinn:

Tá míréir iomlán ann idir fheidhmeanna na sonraíochtaí agus na scrúduithe. Níor tugadh go leor eolais do mhúinteoirí agus do dhaltaí.

Maidir leis an scrúdú féin, níor tugadh dóibh ach torthaí foghlama an-ghinearálta mar threoir don chúrsa. Ní leor é sin. Caithfear eolas a thabhairt ar an ábhar, ar na téamaí, ar na topaicí agus ar na seánraí scríbhneoireachta, mar a dúradh níos luaithe. Má tá ceisteanna an-sainiúil ann, cur i gcás faoi athrú aeráide nó mar sin, caithfear go mbeidh an téarmaíocht sin ar eolas ag na daltaí, ach níl aon treoir ann. Cá bhfios ar cheart dúinn a bheith ag clúdach na rudaí sin? Má tá rud mar sin ar an scrúdú agus níl sé cleachta ag daltaí, go háirithe daltaí T2, cén dóigh an bhfuil siad le bheith ábalta ceist mar sin a láimhseáil? Tá sé ráite ag oideoirí aitheanta ar nós an Ollamh Áine Hyland nach n-oireann córas mar seo, le torthaí foghlama ginearálta amháin, do scrúdú seachtrach ar nós scrúdú na sraithe sóisearaí. Nuair a rinne sí taighde air seo, ní raibh sí ábalta teacht ar thír ar bith eile ar domhan a úsáideann an cur chuige sin. Níl sé sásúil agus caithfimid amharc air sin.

Fadhb amháin ná go mbíonn dream amháin a dhearann na sonraíochtaí ach ní amharcann siad go domhan ar na scrúduithe nó na tascanna a bheidh ar an scrúdú. Fágtar sin ag dream eile. Ní chuirtear páipéir shamplacha ar fáil go dtí bliain an scrúdaithe, b'fhéidir thart ar mhí na Samhna nó mar sin. Níl sé sin ceart. Mar a dúradh cheana, fadhb mhór ná easpa scrúdú béil. Ní thugtar an t-aitheantas ceart don obair labhartha sa ghrád a fhaigheann daltaí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus ní léiríonn an grád a bhfíorchumas sa teanga, mar sin. Thar aon rud eile, ní mheasann na scrúduithe na scileanna atá de dhíth ar dhaltaí leis an teanga a úsáid go laethúil san fhíorshaol. Is easpa ollmhór é sin. Bíonn tionchar ollmhór ag an measúnú ar an gcleachtadh sa seomra ranga. Muna bhfuil na scrúduithe ag cothú na scileanna cearta, teipeann ar an gcóras iomlán. Sin bun agus barr an scéil.

Rinneadh athbhreithniú le déanaí ar an tsraith shóisearach. Tá múinteoirí agus daltaí ag tabhairt amach go láidir maidir leis na fadhbanna a bhaineann leis an gcúrsa mar chuid den athbhreithniú sin. Tá súil againn go bhfoilseofar an tuarascáil sin gan mhoill. Ag eascairt as sin, tá athbhreithniú iomlán de dhíth ar na sonraíochtaí, ar na measúnuithe agus ar na scrúduithe. Tá athruithe suntasacha ag teastáil, ní cúpla mionleasú. Caithfear go mbeidh na sonraíochtaí agus na scrúduithe ag leibhéal atá oiriúnach do dhaltaí T2 go háirithe ach an rud is mó ná go gcaithfear éisteacht leis na múinteoirí. Sin na daoine atá ar an talamh, a thuigeann na fadhbanna agus atá ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh dár ndaltaí agus dár dteanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.