Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. D?nal ? hAinf?in:

Ní taighdeoir idirnáisiúnta mé ach bheadh an t-aon taighde atá ar eolas againn leis an méid a dúirt Ms Tansey ansin maidir leis an mBéarla. Tá sé aitheanta go hidirnáisiúnta go bhfuil an gaol idir na litreacha agus na fuaimeanna casta agus dian i mBéarla agus go gcruthaíonn sé sin dúshláin i bhfoghlaim an Bhéarla do dhaoine a bhfuil Béarla mar chéad teanga acu. Tá sé an-suimiúil cloisteáil gurb é sin an bunús a bhíonn le daoine chun iarratas a dhéanamh ar fhoghlaim na Gaelainne atá ábhairín níos éasca – sílimid – mar go mbíonn fada againn ar na gutaí a gcabhraíonn go mór agus tú ag sealbhú na léitheoireachta. Tá sé ábhairín níos éasca chun na scileanna léitheoireachta a shealbhú inti.

Má bhíonn teip ar dhaoine litríocht an Bhéarla a shealbhú agus má tá sé sin ag cothú imní dóibh, is é sin an bunús chun díolúine a fháil ón Ghaeilge. Is é sin an áit a bhfuil an locht sa chóras reatha. Ní theastaíonn ó aon oideachasóir go mbeadh imní ar pháiste ach is léir ón méid atá cloiste go mbaineann an imní seo leis an mBéarla agus le sealbhú scileanna litearthachta sa Bhéarla agus sealbhú na teanga agus nach bhfuil an dul chun cinn mar is cuí á dhéanamh acu. Braitear ansin – go mícheart – gur cheart díolúine a fháil ón Ghaeilge chun cabhrú leo.

Sin croí na ceiste. Má tá teachtaireacht amháin le dul amach ón gcoiste seo, is é go mbaineann an dúshlán leis an mBéarla. Ní bhaineann an dúshlán leis an nGaelainn. Ní ann do dhíolúintí i nGaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta agus scoileanna chuimsitheacha le daltaí go bhfuil deacrachtaí agus dúshláin fhoghlama acu de gach aon sórt. Sin an teachtaireacht gur mhaith liomsa a chloisteáil go láidir inniu. Ní le teanga na Gaelainne a bhaineann na dúshláin seo ar chor ar bith ach leis an teanga eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.