Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Ms Cathy Connolly:

Tá go leor taighde idirnáisiúnta a léiríonn go bhfuil cumas nádúrtha againn go léir glacadh le teanga eile. Tá sé soiléir dúinne go bhfuil daltaí le míchumas, agus an-chuid míchumais, in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa tumoideachas. Tá idirdhealú le déanamh idir an Ghaeilge labhartha agus ó bhéal agus an t-ualach oibre litríochta atá á dhéanamh acu. Is ansin a bhíonn na fadhbanna. Sa Ghaeloideachas, nuair atá daltaí ag staidéar teangacha eile, faigheann siad díolúine ón bhFraincis uaireanta. Tá exemption sa cheathrú bliain so déanann siad é sin. Níl na staitisticí agam ach sa scoil inar mhúin mise, gach uile bhliain bhí triúir nó ceathrar as b'fhéidir 94 dalta a lorg na díolúine sin. Lorgaíonn siad díolúine ón stair, ón tíreolaíocht nó ón eolaíocht freisin mar go bhfuil an teanga an-teicniúil. Tá foghraíocht na Gaeilge agus na fonaicí i bhfad níos éasca do dhaltaí le disléicse ná an Béarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.