Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Marc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source
Ní féidir. Sin í an fhadhb. Cuirfidh mé an cheist atá curtha agam ar an Aire an athuair, is é sin, an bhfuil aon taighde ann? Is é an rud a chloisimid go minic ná go bhfuil an Ghaelainn níos deacra ar shlí éigin ná teangacha eile. Luaigh mé an sampla den chara atá agam. Tá fadhb aige maidir le hurú, séimhiú, an uimhir iolra agus a leithéid. Cuireann siad isteach air. An bhfuil aon bhunús leis sin? An bhfuil aon taighde déanta a léiríonn go bhfuil, ar chúis éigin, an Ghaelainn níos deacra do dhaoine a fhoghlaim seachas an Ghearmáinis, an Spáinnis nó teanga eile?
No comments