Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Aontaím leis an Ollamh Ó Duibhir ó thaobh an chuid dheireanach sin. Is cuimhin liomsa strus a bheith orm agus mé ag dul ar scoil a bhuí le matamaitic agus an scrúdú a bhí ann gach uile Aoine. Ní raibh aon díolúine ar fáil do mo thuismitheoirí a chur isteach air. Bhí orm staidéar a dhéanamh ar an matamaitic go dtí an ardteist, ar aon le Fraincis, Gaeilge agus Béarla. Bhí fadhbanna foghlama agam agus tháinig mise tríd. Níl mé ag rá go dtiocfadh gach páiste tríd. Tá riachtanais áirithe ann agus is í an fhadhb i gcás fhormhór na ndaltaí atá sa chóras scoile ná nach bhfuilimid ag déileáil leis na riachtanais sin. B'fhéidir gur faoiseamh é do roinnt daoine nach bhfuil Gaeilge á dhéanamh acu, ach má tá strus orthu faoi Ghaeilge, beidh strus orthu faoi rud éigin eile, agus caithfimid cuidiú leo.

Maidir leis na "reasonable adjustments" a luaigh Donald Ewing, caithfimid iad sin a dhéanamh. Caithfidh an tuiscint sin a bheith ag múinteoirí má tá siad ag múineadh i mbunscoil nó i meánscoil. Caithfidh muid mar chóras agus mar shochaí reasonable adjustments a dhéanamh más gá.

Sin ceann de na ceisteanna a bhí agam. Cad é tuairim na bhfinnéithe faoin mbonnleibhéal, an applied Gaeilge, nach mbeidh ann a thuilleadh? Tá ardleibhéal, agus meánleibhéal nó bunleibhéal ann ach ní ann don bhonnleibhéal a thuilleadh. Bhí sé sin i gcónaí dírithe orthu siúd nach raibh an cumas acu staidéar litríochta den scoth a dhéanamh, i nGaeilge, i mBéarla, i bhFraincis nó in aon rud. Is trua go bhfuil sé imithe.

Cad é tuairim na bhfinnéithe ar scrúduithe atá níos dírithe ar ábhar praiticiúil? Labhair an Teachta Ó Cuív faoin mbéaltriail. Bíonn strus ar aon pháiste agus iad ag tabhairt faoi aon scrúdú ag an ardleibhéal nó aon leibhéal agus tá fadhb ann ó thaobh scrúduithe de. Tharla rud an-spéisiúil le linn na paindéime. Tharla athrú beag sa chóras agus bhí múinteoirí in ann marc a thabhairt do pháistí gan aon scrúdú in aon chor, agus níor thit an tóin as an gcóras oideachais. B’fhéidir gur féidir linne mar shochaí díriú isteach ar an gceist sin, sa chaoi nach bhfuil strus ar pháistí agus nach bhfuilimid ar fad dírithe ar mhí Mheithimh gach uile bhliain. Tá na mílte páistí faoi strus nár chóir go mbeadh orthu, cuma cén leibhéal cumais nó míchumais atá acu. Ní coiste oideachais muidne ach coiste Gaeilge, ach measaim féin gur éirigh linn teacht tríd an phaindéim toisc go raibh muid sásta aithint nach gá scrúduithe a bheith ann, ach chuaigh muid ar ais go dtí na scrúduithe an-tapa.

Tá liosta moltaí ag an Ollamh Ó Duibhir ina aighneacht. Ba chóir tairbhe níos mó a dhéanamh de roinnt acu. Tá roinnt acu luaite aige ach iarraim air díriú isteach orthu sin. Cad is féidir linn a dhéanamh sa bhreis chun aitheantas a thabhairt do na deacrachtaí sin atá ag daltaí atá riachtanais fhoghlama breise nó riachtanais thromchúiseacha acu, ó thaobh na Gaeilge, seachas na díolúintí? Má deir an coiste seo ag deireadh na sraithe seo de chruinnithe gur chóir fáil réidh leis na díolúintí don chuid is mó nó ina n-iomláine, cad is féidir linn a dhéanamh chun díriú isteach orthu siúd atá fadhbanna ar leith acu ó thaobh struchtúir na ranganna nó ó thaobh an churaclaim? B'fhéidir go mbeadh Donald Ewing in ann tabhairt faoi sin chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.