Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Professor P?draig ? Duibhir:

Níl a fhios agam an raibh an Seanadóir anseo ag tús an chruinnithe. Is tuismitheoir mé le páiste atá fásta anois a bhfuil disléicse uirthi. Mar a dúirt mé, bhí sí ar an gcúigiú peircintíl don litriú, ach bhí sí ar an 60ú peircintíl don tuiscint. Aontaím go hiomlán le Cumann Disléicse na hÉireann maidir le toradh amháin ar scrúdú amháin ar lá amháin. Níl sé sin cothrom agus mar chritéir níl sé bailí. Aontaím le gach rud atá ráite maidir leis an strus ach amháin rud beag amháin. Is é sin ná an rud a dúirt Donald Ewing faoi “working around the issue” agus gurb í an díolúine an bealach chun oibriú timpeall ar an rud.

Ó thaobh na scrúduithe litrithe de, bímse ag plé le múinteoirí atá faoi oiliúint agus deirim leo, cén fáth go mbíonn scrúdú litriú ar an Aoine agus nár cheart go mbeadh scrúdú litir ann ar an Aoine. Táimid ag scriosadh an taithí don iliomad ar fud na tíre. Tá dualgas orthu litir a mhúineadh, ní litriú a thástáil ar an Aoine, agus ba cheart deireadh a chur leis an gcleachtadh sin. Ní bhaineann sé sin leis an díolúine; baineann sé le droch-chur chuige teagaisc, droch-oideolaíocht agus droch-mhodhanna múinteoireachta.

Ag breathnú siar ar an gcomhrá seo, aontaím le gach rud atá ann ach níl aon bhaint aige leis an díolúine. Baineann sé le conas atáimid ag plé le páistí a bhfuil deacrachtaí acu go sonrach, agus conas atáimid ag plé le páistí a bhfuil disléicse orthu. Teastaíonn breis síceolaithe chun go mbeidh measúnú déanta orthu. Chomh maith leis sin, teastaíonn córais sna scoileanna agus oiliúint ar na múinteoirí chun déileáil leis sin. An t-aon rud atá díolúine ag déanamh ná ag baint na hairde den chroí na faidhbe. Is é croí na faidhbe ná cad iad na deacrachtaí atá ag na foghlaimeoirí seo agus conas is féidir linn freastal orthu. Ní fhreastalaíonn díolúine orthu mar ní réitíonn sé an fhadhb. Ní thugann sé breis tacaíochta. Go pointe áirithe, psychologically b'fhéidir go gceaptar go bhfuil cuid den strus bainte anois agus ní gá Gaeilge a fhoghlaim a thuilleadh. Ach sin an méid a dhéanann sé. Tá roinnt scoileanna anois ag cur na tacaíochta ar fáil le linn na ranganna Gaeilge. Is cineál pragmatic solution é sin ach ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor mar nílimid ag freastal ar chumas agus ar phoitéinseal na bpáistí ar fad atá ann.

Is cinnte ó thaobh struis de go n-aithním é. Léigh mé na haighneachtaí ar fad a chuir tuismitheoirí agus daoine eile isteach go dtí an próiseas comhairliúcháin in 2018. Arís agus arís eile, bhí mé ag rá gur droch-chur chuige teagaisc é agus nach mbaineann sé le díolúine. Ní raibh ceart go mbeadh múinteoirí ag cur scrúduithe litrithe céanna orthu agus ní raibh ceart go mbeadh siad ag iarraidh ar pháistí a bheith ag léamh os ard nuair atá deacrachtaí foghlama acu. Ní cur chuige atá molta é ach tá an nósmhaireacht sa chóras.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.