Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Professor P?draig ? Duibhir:
Maidir leis an scrúdú bonnleibhéil, mura bhfuil na scrúduithe éagsúla ag freastal ar na riachtanais atá ag na foghlaimeoirí, ba cheart go mbeadh sé ann. Fiú deir múinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta go bhfuil togha na Gaeilge ag go leor páistí ach is ó bhéal atá sí acu. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad iontach liteartha, mar a bhí an Teachta Ó Cuív ag rá. B’fhéidir nach bhfeileann na scrúduithe gnáthleibhéil dóibh agus go bhfáilteoidís roimh scrúdú bonnleibhéil freisin. Tagann sé ar ais ag an gceist maidir le conas gur féidir linn freastal ar na riachtanais atá ag na foghlaimeoirí os ár gcomhair. Sin an rud is tábhachtaí. Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Cuív, is dóigh liom go bhfuil sé taobh istigh de chumas agus de chumhacht an mhúinteora, mar chuid den ról gairmiúil atá aige nó aici, an curaclam a chur in oiriúint do na foghlaimeoirí. Níl aon ghá le díolúine chun é sin a dhéanamh. Ba cheart ansin go n-aithneodh cibé scrúdú atá ann go bhfuil foghlaimeoirí ag teacht go dtí na scrúduithe seo nach bhfuil leibhéal litearthacht acu agus bheadh aitheantas ann do na scileanna eile atá sealbhaithe acu ó thaobh teangacha de.
Ó thaobh acmhainní de, má tá disléicse ar dhuine nó má tá siad ar speictream an uathachais nó iliomad riachtanais eile, is faoin gcóras atá sé na hacmhainní cuí a chur ar fáil, seachas éalú ó na dúshláin sin trí dhíolúine a thabhairt. Ní réitíonn an díolúine na deacrachtaí sin. Dá molfaí don Roinn Oideachais deireadh a chur le córas na ndíolúintí, an rud a bheadh le déanamh ná go gcuirfeadh an Roinn sprioc ann chun a chinntiú go mbeadh cothromas deiseanna san oideachas ag gach dalta agus go dtacófar leo chun a n-acmhainneacht a chomhlíonadh. Sin atá luaite sa churaclam teanga bunscoile. Tá sé luaite sa siollabas don tsraith shóisearach agus mar sin de go mbainfeadh páistí amach a n-acmhainneacht. Is faoin gcóras atá sé é sin a dhéanamh, seachas rud éigin a shéanadh nó rud éigin a bhaint uathu ar mhaithe le brú a laghdú. Cé go mb’fhéidir go laghdaíonn sé brú, ní réitíonn sé an bhunfhadhb agus sin an rud atá ag teastáil uainn.
No comments