Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is dóigh liom go bhfuil téama comónta ag na finnéithe i ndáiríre, de réir mar a thuigim óna ráiteas. Tá an rud céanna á rá ag Gráinne O'Rourke ach i mbealach difriúil, is é sin go bhfuil gá le tuilleadh cabhrach chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine le deacrachtaí faoi leith, thar réimse leathan, seachas a rá gur cheart fáil réidh leis an nGaeilge mar ábhar. Luaitear freisin go bhfuil córas na ndíolúintí ag teacht salach ar phlean gníomhaíochta an Rialtais freisin ó thaobh na Gaeilge de agus í a mhéadú agus a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.