Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Professor P?draig ? Duibhir:
Tháinig sé chun solais ansin nuair a fógraíodh torthaí scrúdaithe na h-ardteistiméireachta go raibh ós cionn 20% - 22% is dóigh liom - de scoláirí ardteistiméireachta nár thug faoi scrúdú Gaeilge ar chor ar bith i mbliana. Níor thug thart ar 6.5% faoi scrúdaithe don mhatamaitic agus don Bhéarla. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh roinnt scoláirí ag tabhairt faoin ardteist don dara huair agus go mbeadh an Ghaeilge nó an mhata nó an Béarla suite acu cheana féin. Mar sin féin, tá breis is 22% i gceist i gcás na Gaeilge, agus mar sin táimid ag dul i dtreo aon ceathrú nach bhfuil ag suí aon scrúdú Gaeilge ardteistiméireachta. Tá an baol ann go bhfuilimed ag druidim i dtreo Ghaeilge roghnach don ard leibhéal ar shlí eile. Tagaim le Gráinne O'Rourke go caithfimid an Ghaeilge a mhúineadh i mbealach níos fearr ionas go mbeadh sí spreagúil, ach táimid ag tabhairt teachtaireacht chomh maith dóibh siúd atá faoin deichiú peircintíl nach mbeidh siad in ann an Ghaeilge a fhoghlaim. Luaigh mé cheana m'iníon féin a bhfuil disléicse uirthi a raibh scór sa chúigiú peircintíl sa litriú aici ach bhí sí sa 60adú peircintíl don tuiscint. Ar an speictream sin a luaigh Gráinne O'Rourke, ní raibh a cás chomh tromchúiseach agus bhí sí in ann, le cabhair agus le tacaíocht, tabhairt faoi theangacha a fhoghlaim.
No comments