Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Professor P?draig ? Duibhir:
Bhí, agus ní raibh na ciorcláin mar réiteach ar an fadhbanna agus ba léir ón athbhreithniú go raibh sé seo an-soiléir. Leag na cigirí amach na hargóintí oideachasúla do na díolúintí ach is dóigh liom gur freagra riaracháin a bhí sna ciorcláin. I ngeall ar sin, táimid sa riocht ina bhfuilimid. Tá próiseas a bhí ar bhoird oifigigh na Roinne bogtha chuig na scoileanna. Bhí an Roinn buartha faoi cásanna cúirte agus tugadh isteach dream nua le déanaí sna ciorcláin. Níl fadhb agam leis na daoine nua mar is páistí iad seo a bhfuil deacrachtaí leanúnacha agus tromchúiseacha acu, ach arís is cineál freagra é seo ar na fadhbanna atá ag an Roinn ó thaobh na riaracháin de seachas féachaint ar an rud mar cheist oideachasúil.
Le linn mo shaol oibre mar mhúinteoir agus oideachasóir, thar réimse ar bith eile is é an oideachas speisialta agus na tacaíochtaí atá sa chóras an rud is mó atá tar éis athrú agus ceann de na rudaí is mór gur cheart dúinn a bheith bródúil as sa tír le dhá scór bliain anuas. Tá an tacaíocht le feabhsú - táim cinnte faoi sin - ach tá sé dochreidte maith i gcomparáid le dhá scór bliain ó shin nuair a bhí gá le díolúintí. Anois sa bhunscoil mar shampla, leagtar an bhéim ar labhairt na Gaeilge. Mar sin níor cheart go mbeadh aon díolúintí sa bhunscoil mar ba cheart go mbeadh an teagasc curtha in oiriúint do dheacrachtaí nó riachtanais foghlama na bpáistí. Má tá disléicse ar pháiste, ba cheart go mbeadh siad ag éisteacht leis an nGaeilge á labhairt agus ag plé le scileanna labhartha agus éisteachta seachas a bheith ag dul i ngleic le téacsanna. Tá sé sin ag tarlú i bhformhór na mbunscoileanna ó mo thaithí de. Ó thaobh na hiar-bhunscoileanna de, ba cheart go mbeimid ag cur tacaíocht ar fáil agus ag cur an curaclaim nó an tsiollabas in oiriúint do riachtanais na bhfoghlaimeoirí. Is iad na ceisteanna oideachasúla atá tábhachtach seachas a bheith ag plé le rudaí riaracháin.
No comments