Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé tagtha go dtí pointe nach bhfuil ceisteanna fágtha agam i ndáiríre. Bhí an tOllamh Ó Duibhir os ár gcomhair go minic. Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Tá a ráitis cabhrach dúinn. Tá ocht bpointe ag an ollamh agus tá siad leagtha amach go soiléir. Ina thuairim, tá an córas lochtach agus tá méadú cuimsitheach ar líon na ndíolúintí agus níl aon réasún ná ciall taobh thiar den loighic nó den chóras réasúnta. An é sin bun agus barr an scéil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.