Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Professor P?draig ? Duibhir:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na Seanadóirí agus na Teachtaí as an deis teacht os a gcomhair agus labhairt leo. Chuir mé aitheasc isteach agus tá sé i gceist agam achoimre a dhéanamh ar chuid de na pointí sin. Tá díolúintí á mbronnadh i scoileanna príomhshrutha in Éirinn ó na 1970idí i leith. Rinneadh é seo ag an am chun freastal ar dhaltaí a raibh riachtanais fhoghlama tromchúiseacha acu.

Ó na 1990idí ar aghaidh, bronnadh díolúine ar dhá phríomhchúis: daltaí ag teacht go hÉirinn ó thíortha eile agus daltaí a fuair a gcuid oideachais thar lear; nó daltaí a raibh míchumas foghlama acu. Is ar an tríú ghrúpa is mó a mbeidh mé ag díriú inniu. In 1999, bhí díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 2.5% de dhaltaí iar-bhunscoile, rud go bhféadfaí a mhaíomh a bhí annamh agus eisceachtúil. Sa bhliain 2021, bhí díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 10.5% de dhaltaí iar-bhunscoile.

Chuir an Roinn Oideachais tús le próiseas comhairliúcháin lochtaigh maidir le díolúintí i mí na Nollag 2018 agus d’eisigh an Roinn ciorclán i mí Mheáin Fómhair 2019 a bhí bunaithe ar chuid den aiseolas ón gcomhairliúchán. Tháinig fás ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile a fuair díolúine de bharr míchumas foghlama le sé bliana anuas agus fás 25% idir 2019 agus 2021 mar a léirítear i m'aitheasc.

Gheall an Roinn Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar na ciorcláin tar éis dhá bhliain. Ní raibh an t-athbhreithniú sin cuimsitheach ar aon slí agus léirigh sé go soiléir gur dóigh le hoifigigh na Roinne gur chuid den chóras oideachais iad na díolúintí agus go leanfaidh an scéal mar sin. Tá siad ag plé leis na díolúintí mar cheist riaracháin seachas mar cheist oideachais. Teastaíonn idirghabháil ó pholaiteoirí má tá aon athrú le teacht ar an staid seo agus coincheap na díolúine a cheistiú.

Níl a leithéid de rud ann agus sain-mhíchumas foghlama teanga. Séanann an díolúine buntáistí cognaíocha ar fhoghlaimeoirí. Tugann sí teachtaireacht mhíchruinn nach bhfuil páistí a bhfuil scór faoin deichiú peircintíl acu in ann Gaeilge a fhoghlaim. Séanann sí deiseanna imeasctha ar inimircigh. Tá sí frith-oideachasúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.