Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Professor P?draig ? Duibhir:
Sin é. Tagaim le go leor de na pointí a rinne Gráinne O'Rourke. Ceistím an bunús a bhfuil leis anois. Tháinig sé isteach sna 1970idí agus bhí bunús stairiúil leis agus tá sé tar éis sleamhnú. Bhí deis ann in 2018 breathnú ar an gcóras seachas plé leis mar fhadhb riaracháin agus ualaigh oibre sa Roinn. Ba léir ó bheith ag dul i ngleic leis an Roinn le roinnt blianta anuas gurbh fhadhb a bhí ann maidir le hualach oibre agus theastaigh uaithi an t-ualach sin a chur ar dhream éigin eile, is é sin, na príomhoidí.
Níl córas na scoileanna ceart, mar atá luaite ag daoine eile agus ag Gráinne O'Rourke anseo, ó thaobh sceidealaithe agus na n-uaireanta tacaíochta, ach go háirithe ag an iar-bhunleibhéal, mar go gcaithfidh tuismitheoirí rogha a dhéanamh idir thacaíocht fhoghlamtha agus foghlaim na Gaeilge. Tá sé sin frith-oideachasúil mar ní féidir le páistí a gcumas a bhaint amach agus nílimid ag cur curaclaim iomláin ar fáil. Táimid ag rá leo nach bhfuil an córas maith go leor agus nach bhfuil na hacmhainní acu agus go gcaithfear cinneadh a dhéanamh idir thacaíocht ón scoil nó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.
Nuair atá páistí ag teacht ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge sa chomhthéacs seo, léiríonn sé cé chomh seafóideach agus atá sé. Tá páistí a bhfuil disléicse nó deacrachtaí eile orthu atá líofa sa Ghaeilge mar go bhfuil siad i nGaelscoil agus tá príomhoidí iar-bhunscoile ag rá leo nach féidir leis an scoil tacú leo mura n-éiríonn leo as an nGaeilge. Tá sé sin go hiomlán in aghaidh ár bhfealsúnachta oideachasúla. Tá sé go hiomlán i gcoinne fealsúnachta oideachasúla na Roinne féin mar atá ráite sna cáipéisí maidir leis an Education for Persons with Special Educational Needs Act 2004 atá luaite agam san aitheasc.
Go dtí go bhfaighimid ceisteanna oideachasúla i gcroílár cheist agus choincheap na ndíolúintí, nílimid chun teacht ar aon réiteach. Ba léir san idirghabháil a bhí againn leis an Roinn Oideachais i mí na Bealtaine, mar chuid den athbhreithniú éadrom-----
No comments