Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. John Boyle:
Bhí an pointe a rinne an Teachta faoin scríbhneoireacht suimiúil. An dóigh a dtarlaíonn sé sa bhunscoil ná, má tá brú ag teacht ón teach maidir leis an nGaeilge, agus go háirithe sna hardranganna, nuair nach bhfuil an scoil sásta díolúine a thabhairt don pháiste, bíonn cineál conradh ann idir an teach agus an scoil. Ní chuirfidh muid brú ar bith ar an bpáiste ó thaobh na scríbhneoireachta de i rang a sé agus rang a cúig ach caithfidh siad dul ar aghaidh agus a bheith ag labhairt agus ag foghlaim na teanga labhartha.
Ní tharlaíonn sé sin sa mheánscoil mar níl cead acu é a dhéanamh. Tá an córas iontach difriúil sa mheánscoil. Tá sé suimiúil agus tá sé ag tarlú cheana féin. Má tá athbhreithniú ag teacht ar an gcóras seo uilig fá choinne díolúintí, ba chóir rud éigin a shocrú. Tá an Teachta ag amharc air seo i mbealach iontach leathan agus é ag caint faoi rásaí na bpointí, ach tá mise ag amharc air ó thaobh na bunscolaíochta de ar dtús. Má amharcann sibh go géar ar caidé atá ag tarlú sa bhunscoil, tá cuid mhór foghlama a thagann amach as sin sula dtéann na páistí isteach sa mheánscoil.
No comments