Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. Declan Glynn:
Maidir le moltaí, chuir muid 13 moladh isteach sa ráiteas iomlán a thug muid don choiste. Ba mhaith liom díriú ar cheann amháin acu agus ceist an Teachta a fhreagairt. Tá sé ráite sa chiorclán, san imlitir is deireanaí ag an Roinn, go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais faireachán rialta a dhéanamh ar na díolúintí agus breathnú ar na díolúintí go tréimhsiúil. Tá sé i gceist ag an Roinn breathnú anois is arís go hachomair agus go héadrom ar cheist na ndíolúintí. Is éard atá muidne ag rá, mar a dúirt mo chomhghleacaí David Duffy, ná go bhfuil gá le hathbhreithniú foirmiúil ó bhun ar cheist na ndíolúintí. Tá an cheist chomh mór sin. Tá ceist slánú na Gaeilge féin san áireamh sa cheist seo. Seo ceist an-mhór faoi straitéis an Rialtais i leith na Gaeilge mar tá sé d’aidhm againn cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Cén chaoi ar féidir é sin a bhaint amach má éiríonn an méid sin scoláirí as an nGaeilge a dhéanamh in aon chor? Tá na figiúirí sin tugtha againn.
Tá méadú 81% tagtha ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ar bhonn riachtanais fhoghlama le sé bliana anuas. Mar sin, tá líon na ndíolúintí ina n-iomláine ag borradh agus ag méadú ach ina measc sin, is é an borradh agus an méadú is mó ná na díolúintí a bhronntar de bharr riachtanais fhoghlama. Is dóigh linne gur botún é seo agus nach bhfuil sé seo cuí. Ba cheart an deis a thabhairt do gach uile scoláire an Ghaeilge a fhoghlaim de réir a chumais nó a cumais féin. Sin a tharlaíonn i dtíortha eile. Foghlaimíonn páistí i dtíortha eile an dara teanga chomh mór agus is féidir leo, de réir a gcumas. Anseo in Éirinn, táimid ag tabhairt díolúintí dár bpáistí féin chun éirí as foghlaim na teanga ar fad, seachas siollabas cuí, maith, difreáilte agus idirdhealaithe a chur ar fáil.
No comments