Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Ms Anne Loughnane:
Maidir leis an tríú leibhéal, is dóigh liom go dtagann sé ar ais ag acmhainní. Na daoine atá ag iarraidh dul isteach sna cúrsaí le hardphointí, níl go leor spáis acu. Téann cuid acu chuig an Eoraip agus áiteanna eile. Níl a fhios agam cé mhéad milliún euro a fhaigheann na hinstitiúidí ach níl go leor spáis ann dóibh chun dul isteach an chéad uair. Sin rud a chuireann brú ar na cúrsaí áirithe sin. Tá go leor spáis ann i gcoitinne ach níl do na cúrsaí le pointí arda. Is féidir leo dul thar lear agus na cáilíochtaí céanna a fháil leis na pointí atá acu. Is dóigh liom go dtagann sé chuig spás agus acmhainní chun iad a thógáil isteach.
Ó thaobh na ndaoine atá ag iarraidh díolúintí a fháil sna blianta ina dtagann siad isteach - nílim ag caint faoin tríú bliain anois - braitheann a lán acu nach bhfuil an cumas acu tabhairt faoin nGaelainn. B’fhéidir go bhfuil sé sin fíor agus b’fhéidir nach bhfuil. Tagann sé ar ais chuig an rud a dúirt na finnéithe eile. Ní dhéanann sé ciall an bunleibhéal a thógáil uathu. B’fhéidir nach bhfuil caighdeán ró-ard acu ach caithfidh siad a bheith ábalta dul isteach sa chaighdeán a bhfuil seans acu é a láimhseáil. Caithfear isteach anois ag bun an ranga iad agus beidh siad caillte ón gcéad lá ag an ngnáthleibhéal. Tá sé práinneach go gcoimeádfaí é sin agus go gcuirfear ar ais é, chun misneach de shaghas éigin a thabhairt dóibh. Nuair a thagann lagmhisneach ar dhuine, nuair a cheapann siad nach bhfuil siad in ann rud a dhéanamh, téann sé sa treo eile ar fad agus is self-fulfilling prophecy é ansin. Cailleann siad suim agus ní bhíonn siad ann gach aon lá. Bíonn fáth acu dul áit eile. Téann sé chun donais ar fad.
Bhí pointe an-suimiúil ag an Teachta. Ní fheadar an féidir é a oibriú isteach sa chóras. An fhadhb is mó ná an scríbhneoireacht. Níor smaoinigh mé riamh air ach dá mbeadh an rogha sin ann, chabhródh sé go mór. Ní fheadar conas a d’oibreodh sé amach. An chéad rud atá i m’aigne i gcónaí, mar mhúinteoir Gaelainne agus mar dhuine go bhfuil grá agam don Ghaelainn, ná í a labhairt. Caithfear í a labhairt. Agus muid ag caint faoi conas a thagann an t-oideachas nó conas a thosaíonn leanbh óg ag foghlaim, feictear go dtosaíonn siad ag éisteacht agus ansin tosaíonn siad ag labhairt. Ní thagann an scríbhneoireacht go dtí i bhfad ina dhiaidh sin. Má tá suim againn sa Ghaelainn a choimeád beo agus dul ar aghaidh léi, gan bacadh leis na scrúduithe agus an scoil agus gach rud, caithfear í a labhairt. Ní raibh scríbhneoireacht ag cuid de na glúnta a tháinig romhainn ach choimeád siad an Ghaelainn beo mar theanga. Beatha teanga í a labhairt.
Nuair a bheimid ag críochnú ba mhaith liom a theacht ar ais chuig na hacmhainní.
No comments