Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. John Boyle:
Ní dóigh liom go bhfuil difríocht mhór sa bhunscoil ó thaobh múineadh na teanga i mBéarla nó i nGaeilge. Tá an cheist a chur an Teachta níos tábhachtaí ó thaobh na meánscolaíochta.
Maidir leis na ceisteanna eile, ní hé go bhfuil muid ag cur lochtaigh ar na meánscoileanna ach an rud atá tiomáinte le 15 bliain ná go bhfuil i bhfad níos mó páistí le riachtanais speisialta i ngnáthbhunscoil. Ní hamháin go bhfuil siad sna ranganna speisialta fá choinne oideachais ach tá mórchuid na bpáistí i ngnáthrang, ranganna níos mó ná na ranganna atá ar fáil san Eoraip. Bíonn siad ag obair leo go dtí rang a trí nó rang a ceathair, nuair a bhíonn brú orthu níos mó scríbhneoireacht a dhéanamh sa Ghaeilge. Nuair a bhíonn siad ag trasnú go dtí an mheánscoil, bíonn tuismitheoirí faoi bhrú mar tá a fhios acu go mbeidh dhá scrúdú ann. Cuireann sé sin brú orthu mar ceapann siad nach mbeidh a gcuid páistí ábalta an scrúdú a dhéanamh sa Ghaeilge. Dá mba rud é go raibh ábhar amháin níos lú le déanamh acu, b'fhéidir nach mbeadh an brú céanna orthu.
Chomh maith leis sin agus muidne ag rá go mbíonn brú ag teacht ó na scoileanna, bíonn na meánscoileanna sin i dteagmháil leis na bunscoileanna nuair a thrasnaíonn na páistí ó rang a sé agus bíonn na tuismitheoirí ag caint leo. Trasníonn páistí le riachtanais speisialta. Chonaiceamar ón tuairisc go bhfuil na páistí seo lag go leor sa Ghaeilge agus bíonn a dtuismitheoirí ag iarraidh go bhfaighidís díolúine. Iarrann siad cén fáth nach bhfuiltear sásta díolúine a thabhairt dóibh. Cuireann sé sin brú ar an bpríomhoide. Dá mbeadh an tacaíocht cheart ar fáil, ní amháin sa bhunscoil ach ina dhiaidh sin sa mheánscoil, agus tacaíocht bhreise ar fáil do na páistí sin ó thaobh múineadh na Gaeilge ar a stuaim féin, ní bheadh an brú céanna. Bíonn tuismitheoirí faoi bhrú. Mise mar phríomhoide, bím i gcónaí sásta am a thabhairt dóibh leis an scéal uilig a mhíniú. I gcás príomhoidí sna scoileanna beaga go háirithe agus iad ag déanamh a ndíchill le trí nó ceithre rang á mhúineadh acu chomh maith le scoil a reáchtáil acu, b'fhéidir nach mbeadh an t-am céanna acu é sin uilig a mhíniú do thuismitheoirí. Chomh maith leis sin, caitheann na páistí sin tamall fada ag freastal ar mheánscoil atá 30 mhíle óna dteach agus b'fhéidir nach bhfuil an gaol ceart acu go dtí seo leis an meánscoil.
Ó thaobh data de, fiú amháin sa tuairisc a thugaimid don choiste, tá cineál gaps sa data má amharctar air go mion. Bhí seimineáir ag dul ar aghaidh ó Mheán Fómhair go dtí Bealtaine agus dúirt na príomhoidí ina gcuid tuairimí féin linn nach bhfuil an data i gceart agus nach mbíonn am acu i gcónaí na rudaí seo a chur ar an PPOD. Caithfidh an Roinn amharc ar sin arís. Má fhéachtar ar an data a thug an Roinn do DCU agus an data atá foilsithe go hoifigiúil ag an Roinn, tá gaps móra ann. Caithfimid an data ceart a fháil. I mo thuairimse agus i dtuairim na gceardchumann uilig, tá barraíocht díolúintí ar fáil le cúpla bliain anois agus caithfimid athbhreithniú a dhéanamh ar sin.
No comments