Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Ms Anne Loughnane:

Ag dul ar ais ag an gcéad phointe, tá meon diúltach forleathan ann faoin nGaelainn go bhfuil sí deacair agus leadránach. Níl an córas céanna ann do theangacha na hEorpa agus níl an scrúdú béil céanna ann. Is trua é sin. Caithfimid i bhfad níos mó béime a chur ar theanga labhartha, mar a chuirtear leis na teangacha sin, agus ar theanga atá réadúil do na daoine. Nuair a théann daoine isteach ag an scrúdú béil, tá saghas foirmle ann. Bíonn cúpla rud réidh acu agus cuirtear na ceisteanna céanna agus bíonn na freagraí céanna á dtabhairt. Tá taithí agam féin é a dhéanamh. Má théim sa seans agus dul lasmuigh de na rudaí sin, abair má bhím ag plé le duine atá go maith, de ghnáth tagann stad iomlán ar rudaí mar ní bhíonn sé acu. Ní rud réadúil é mar theanga chumarsáide. Caithfimid dul go dtí an áit sin.

Níl mise i gcoinne na litríochta ach i mo thuairim féin - níl aon chinneadh déanta ag an gceardchumann faoi seo - bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh deighilt idir Ghaelainn labhartha agus litríocht, más féidir. Ansin bheadh deis ag daoine teanga labhartha a thógáil mar ábhar ann féin amháin agus bheadh sé nádúrtha acu. Feiceann siad bac sula dtéann siad isteach sa rang fiú mar go bhfuil a fhios acu go mbeidh siad ag scríobh agus ag litriú agus rudaí mar sin. Caithfidh siad é sin a dhéanamh. Is féidir a rá go bhfuil 40% ag dul don scrúdú béil ach caitheann scoláirí a lán ama i rith an dá bhliain ag gabháil don 60%, sé sin, an scríbhneoireacht agus na rudaí a ghabhann leis. Fós tá béim ar an scríbhneoireacht agus rudaí a fheiceann siad mar leamh agus nach bhfuil beo dóibh.

Ní fheadar ar thug mé aon soiléireacht ansin. Bhí an Teachta ag an gcruinniú a bhí againn i rith an tsamhraidh. Bhí uafás ar na baill againne tar éis cúpla cruinniú agus bhí siad ag dul as a meabhair. Seo rud a bhí mar chuspóir aige feabhas éigin a chur ar an ábhar ach creideann nach mór na múinteoirí uilig atá againne go bhfuil sé imithe sa treo eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.