Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhíos ag léamh na tuairiscí aréir agus bhí an-suim agam iontu. Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. B’fhéidir gur freagraíodh an cheist seo sa chúpla focal deireanach ansin. An féidir míniú conas a bheadh deacracht ag daoine le Gaelainn agus nach mbeadh le Fraincis nó Spáinnis nó aon teanga eile? An bhfuil gné éigin faoi leith den chúrsa nó an tslí ina bhfuil sé á mhúineadh? An bhfuil aon mhíniú ann? B’fhéidir go mbeadh baill na gcumann ábalta eolas éigin a chur i láthair faoi sin. Aontaím go bhfuil difríocht ann sa mhéid is go bhfuil an litríocht agus an fhilíocht agus mar sin de i gceist, ach seachas sin, i gcomhair an scrúdú béil agus mar sin de, shamhlóinn go mbeadh sé díreach mar an gcéanna i bhFraincis, Spáinnis nó Gaelainn. An bhfuil aon mhíniú ó thaobh cúrsaí múinteoireacht de faoi conas a bheadh aon deacracht nó aon rud breise ansin?

Luadh an strus, an brú agus an crá a bhíonn ar dhaltaí. Cinnte tá brú ar dhaltaí, seachas mar a bhíodh. Tá éileamh ar thacaíochtaí breise chun an strus agus an crá sin a láimhseáil. An bhfuil an díolúine á húsáid mar uirlis chun an strus sin a laghdú? Feicimid go bhfuil éileamh ó na ceardchumainn mhúinteoireachta agus ó na scoileanna agus tuismitheoirí i gcomhair tacaíochtaí breise sna scoileanna agus tá an tAire ag cur breis acmhainní ar fáil chun tacú leis an strus sin. An dóigh leis na finnéithe go gcabhródh sé sin? An mbeadh sé le fesicint i laghdú sna díolúintí, b’fhéidir? Ní fheadar. Níl mé ach ag iarraidh an cheist a chur.

Luaigh John Boyle an plé leis na príomhoidí. Ceann de na rudaí a thugas faoi deara ná go raibh brú ag teacht ó thuismitheoirí ach bhí sé ag teacht chomh maith ó na post-primary schools. Cén saghas brú a bheadh ag teacht ó na scoileanna maidir leis an díolúine?

Tuigim go mbíonn an lá an-ghnóthach agus b’fhéidir nach mbeadh an deis ag príomhoidí chun na staitisticí a chur ar an gcóras láithreach. B’fhéidir go mbeadh sé déanta beagán níos déanaí. An dtarlaíonn sé sin níos déanaí sa lá, sa tseachtain nó sa mhí, nó an bhfuil bearna sna staitisticí atá ar fáil? An bhfuil daoine le díolúine nach bhfuil cláraithe in aon chor ag deireadh na bliana? Má tá, bheadh na huimhreacha níos mó ná mar atá ann faoi láthair. Shamhlóinn go ndéanann príomhoidí é sin níos déanaí sa lá nó sa bhliain nuair a bhíonn an deis acu, ach an é sin an míniú atá ann? Ar tháinig sé ón bplé sin go bhfuil daoine nach bhfuil cláraithe in aon chor ag deireadh na bliana agus go bhfuil na staitisticí i bhfad níos measa ná mar atá le feiscint?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.