Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Ms Anne Loughnane:

Thar cheann ár gceardchumann, Cumann Mheánmhúinteoirí Éireann, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an chomhchoiste seo as an gcuireadh teacht anseo agus ár dtuairimí a roinnt leo ar an gcóras díolúintí i leith staidéar na Gaelainne sa mheánscolaíocht. Sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá sé mar chuspóir ag an Roinn an teanga a neartú sa chóras oideachais. Is cúis áthais dúinn é go bhfuil an comhchoiste seo ag coimeád súile ar obair na Roinne a bhaineann le múineadh na Gaelainne. Faoi mar a dúramar inár ráiteas chuig an Roinn in 2019, tacaímid go láidir le tábhacht na Gaelainne i gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha na tíre, go háirithe sa phobal éagsúil ilchultúrtha atá ann anois.

Is cinneadh mór é díolúine ón nGaelainn a thabhairt do dhalta. Is é ár bpolasaí ná gur cheart gach deis a thabhairt do gach aon dalta an Ghaelainn a fhoghlaim agus nach dtabharfaí díolúintí ach i gcásanna eisceachtúla nuair atá gá soiléir ann. Déanann an scoil an cinneadh ar na díolúintí a thabhairt. Is ceart agus is cóir é sin, mar is fearr a thuigeann foireann na scoile riachtanais an dalta agus conas is fearr tacú leis na riachtanais sin.

Fáiltímid roimh imlitir 55 a tháinig amach i mí Lúnasa na bliana seo. Déanann an imlitir seo athbhreithniú ar an gcóras mar a bhí agus feicimid athruithe suntasacha inti ó thaobh cothromaíochta de sa tslí ina mbronnfar díolúintí. Roimhe seo, ba mhinic a d’eagraigh tuismitheoirí a raibh an táille acu chuige measúnú príobháideach chun díolúine a fháil. Ba mhinic fós nár tháinig an tuairisc a fuair siad le tuairim na scoile. I gcuid de na cásanna sin, mar a luadh cheana, leanann dalta le foghlaim teangacha eile amhail an Fhraincis nó an Ghearmáinis agus díolúine aige nó aici sa Ghaelainn. D’eascair ceisteanna faoi ionracas agus cothromaíocht an chórais as a leithéid de rud.

Tá méadú as cuimse le feiceáil ar líon na ndíolúintí ón nGaelainn le blianta beaga anuas. Cuireann sé sin lagmhisneach ar mhúinteoirí. Laghdaíonn sé stádas na Gaelainne in aigne na ndaltaí i gcoitinne agus cuireann sé amhras orthu faoin áit atá ag an teanga inár saol agus ina saol féin.

Tá cuid mhór de na coinníollacha fós in imlitir 55 mar a bhí agus tá siad réasúnta chun díolúine a fháil, is é sin, dalta 12 bhliain a chaith trí bliana as a chéile lasmuigh den Stát; daltaí le deacrachtaí liteartha fadtéarmacha a chuireann bac ar a gcumas foghlama agus daltaí i scoileanna nó ranganna speisialta.

Tá dhá bhonn bhreise san imlitir seo, is iad sin, daltaí le riachtanais láidre éagsúla a chuireann bac mór ar a saol ar scoil agus ar an gcaoi a bhfhoghlaimíonn siad agus daltaí atá i dteideal áit a fháil i rang speisialta nó i scoil speisialta. Tá an ceart ag an gcoiste achomhairc athbhreithniú a dhéanamh ar na cáipéisí go léir a d'úsáid an scoil chun cinneadh a dhéanamh ar dhíolúine agus treoir dá réir sin a thabhairt don scoil faoin díolúine sin.

Tacaímid le spiorad agus cur chuige na himlitreach. De réir dealraimh, tá riachtanais speisialta oiliúna ag 22% de dhaltaí. I measc na ndaltaí sin, tá réimse leathan éagsúil de riachtanais le cothú. Ní mar an gcéanna na riachtanais agus ní mar an gcéanna na modhanna cothaithe. Fáiltímid roimh an gcóras ina bhfuil an cinneadh anois i lámha na scoile agus bunaithe ar an bhfianaise shoiléir a bhailigh an scoil ar an dalta le himeacht ama amhail an plean tacaíochta ar leith, curaclaim idirdhealaithe agus fianaise nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an dalta.

Fáiltímid roimh an athrú a ligeann don choiste achomhairc maoirseacht sheachtrach a dhéanamh ar an bhfianaise iomlán a d’úsáid foireann na scoile chun an cinneadh a dhéanamh ar an díolúine. Fáiltímid freisin roimh an athrú a chuireann dualgas ar an scoil eolas a uaslódáil go míosúil ar an post-primary online database, PPOD, faoi na daltaí le riachtanais a fuair díolúine. Cuirfidh sé seo eolas agus fianaise ar fáil. Cuir i gcás nuair a thagann dalta nua isteach sa scoil, ní hionann agus mar a bhí. Mar seo, beidh an scoil in ann tacaíocht a thabhairt don dalta sin in am cuí.

Tá na rudaí atá luaite agam go breá i saol idéalach, ach ní mhairimid sa saol sin. Tá dúshláin mhóra ann ó thaobh acmhainní de agus ó thaobh múinteoirí sna scoileanna. Nuair a thug an Roinn modh nua isteach in 2017 chun múinteoirí breise a dháileadh, is trua mhór é nár cuireadh clár traenála ar fáil do mhúinteoirí ranga nó fiú do mhúinteoirí don oiliúint speisialta. Cuireadh dualgas ar mhúinteoirí pleananna tacaíochta ar leith a ullmhú do dhaltaí. Ní mó ná sásta a bhí múinteoirí nó ár gcumann leis an ualach dodhéanta seo. Éilímid clár forbartha proifisiúnta ar bhonn náisiúnta don oideachas speisialta agus post mar chomhordaitheoir don oideachas speisialta lasmuigh den chuóta i ngach scoil.

Tá trí rud ag teastáil chun na cuspóirí atá leagtha amach ag an Roinn a chur i gcrích: eolas proifisiúnta, am ar leith i rith an lae scoile, agus forbairt proifisiúnta leanúnach agus rialta. De réir taighde a rinne Red C dár gcumann in 2019, tá cáilíocht ar leith ag 20% de mhúinteoirí san oideachas speisialta. Is trua mhór gur baineadh dínn an lacáiste a tugadh i rith Covid ó thaobh cóimheas múinteoirí agus daltaí. Tá sé sin imithe go hiomlán anois. Tuigimid go léir gur cabhair mhór atá ann do dhalta, agus deis iontach foghlama, a bheith i rang le 20 dalta eile nó níos lú. Tá sé sin imithe agus tá an uimhir méadaithe arís.

Ba cheart gur rud eisceachtúil í an díolúine agus go mbeadh fáil ar an nGaeilge ag gach aon dalta ag leibhéal cuí. Rud mór eile a chuireann leis an bhfadhb ná an curaclam Gaelainne, mar a phléimid leis an gcoiste i rith an tsamhraidh nuair a tháinig muid isteach faoin tsraith shóisearach. Tá an t-ualach mór litríochta agus an bhéim ar an léirmheas liteartha ag cur leis an meon diúltach i leith na teanga, go háirithe sa tsraith shóisearach. Caithfimid tabhairt faoin gcuraclam Gaelainne a athrú go práinneach, i dtreo is go mbeidh tús áite ag labhairt na teanga go nádúrtha, bunaithe ar chumarsáid, agus go laethúil i múineadh na Gaelainne. Bheadh réiteach againn ar a lán fadhbanna dá dtarlódh a leithéid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.