Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 September 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé
Mr. M?che?l S Mac Donnacha:
Mar eagraíocht náisiúnta atá ionadaíoch ar na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, cuirimid fáilte mhór roimh an deis teacht os comhair an chomhchoiste ar an ábhar fíorthábhachtach seo. Aithníonn Gaeloideachas an riachtanas atá ann a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras faoina mbronntar díolúintí - córas atá ann le breis agus 30 bliain - i bhfianaise na n-athruithe soch-chultúrtha, na forbairtí sa churaclam agus na forbairtí ar ár dtuiscintí ar riachtanais speisialta atá tarlaithe sa tír ó shin.
Is é ceann de na mórspriocanna atá ag Gaeloideachas ná an dátheangachas nó an t-ilteangachas a chur chun cinn tríd an gcóras oideachais. Aithnímid go bhfuil polasaí ag an Stát i leith fhorbairt sochaí dátheangaí. Tá seasamh uathúil ag an nGaeilge sa mhéid is gurb í céad teanga an Stáit í. I gcóras oideachais na hÉireann, aithnítear tábhacht na Gaeilge do phobal na hÉireann agus táthar ag iarraidh an teanga a scaipeadh trí í a mhúineadh do mhórchuid na ndaltaí agus na scoláirí i scoileanna an Stáit. Aithnítear gur dlúthchuid é den mhian sochaí lánpháirteach a chruthú go mbíonn rochtain ag na foghlaimeoirí go léir ar na teangacha atá lárnach don churaclam.
Tá léirthuiscint i bhfad níos fearr anois ann ar na buntáistí a bhainfidh na scoláirí uile as deiseanna foghlama teanga sa dá theanga. Tá an t-eolas agus an tuiscint maidir le sealbhú teanga agus na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas i gcás leanaí le riachtanais speisialta tagtha chun cinn freisin. Insíonn an taighde, a raibh tagairt dó níos luaithe, i dtuarascáil taighde na cigireachta dúinn go bhfuil foghlaim an dara teanga tairbheach do gach uile scoláire, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu, nuair a dhéantar difreáil agus modhanna múinte cuí sa seomra ranga.
Tá fianaise ann anois go bhfuil daltaí ag tabhairt droim láimhe don teanga toisc go ndeonaítear an díolúine i bhfad róthapa. Tá sé seo ag éirí níos measa leis an gciorclán nua a tugadh isteach dhá bhliain ó shin. Tá impleachtaí tromchúiseacha do thodhchaí na Gaeilge le leathnú fairsing na díolúine seo, de réir mar atá á dhéanamh tríd an gciorclán nua agus trí na leasuithe atá á moladh ar an gciorclán athbhreithnithe seo.
Mar eagraíocht a chuireann an tumoideachas agus an dátheangachas chun cinn, ní mór dearcadh an Stáit i leith an dátheangachais a chíoradh. Níl sé mar sprioc ag an Stát na buntáistí atá cruthaithe go heolaíoch a chur faoi bhráid tuismitheoirí nó faoi bhráid daltaí a bhíonn ag lorg díolúine ionas go dtuigfidís go bhféadfaidís na buanna seo a chailleadh agus iad ag glacadh cinneadh i dtaobh na díolúine a lorg. Ní mór agus is gá i bhfad níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’eagraíochtaí ar nós muidne, Gaeloideachas, ionas gur féidir linn feachtas poiblíochta agus bolscaireachta a chur ar bun a rachadh i bhfeidhm ar an bpobal ar fad i dtreo go mbeadh níos lú foinn ar thuismitheoirí droim láimhe a thabhairt don teanga in oideachas agus i dtógáil a bpáistí. Tá gá ag an Stát freisin dátheangachas comhtháite a chur chun cinn go straitéiseach agus go gníomhach.
Mar eagraíocht atá ionadaíoch ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal, tá Gaeloideachas an-bhuartha faoi na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don earnáil agus na himpleachtaí atá ann do thodhchaí na Gaeilge do na daltaí seo. Tá na himpleachtaí do scoileanna T2 an-soiléir, ach tá impleachtaí mór millteach ann don chóras tumoideachais, mar a leagaimid amach. Tá sé sainithe sa chiorclán nach mbaineann an ciorclán ná ceist na díolúine leis na scoileanna T1, is é sin na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Is mian le Gaeloideachas a shoiléiriú go mbaineann sé le scoileanna T1 sa mhéid go lorgaíonn tuismitheoirí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge litir thacaíochta go minic ó phríomhoidí ag cuardach iarratais ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge nuair a théann siad ar aghaidh go dtí an dara leibhéal. Bíodh is nach bhfuil ciall ná réasún leis an iarratas mar seo, ní mór treoir shoiléir a bheith ar fáil do phríomhoidí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge i leith iarratais den chineál sin.
De réir fianaise starógach, is cosúil go mbíonn i roinnt scoileanna T2 ag an iar-bhunleibhéal ranganna tacaíocht foghlama ar bun timpeall na n-amanna céanna leis na ranganna Gaeilge. Tá tuismitheoirí ag iarraidh nach mbeidh aon riosca ann don soláthar tacaíocht foghlama agus dá réir, lorgaítear díolúine ón nGaeilge sa chás seo freisin. Tá sé seo ag tarlú i ngach cineál scoile. Níl aon bhunús ó thaobh oideachais de leis go n-éireodh scoláirí a fuair a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ag an mbunscoil as staidéar na Gaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Molann Gaeloideachas dá réir go mbeadh plé ar na himpleachtaí do scoileanna T1 agus polasaí soiléir ann ar an gceist seo. Ní leor go ndéarfadh an Roinn Oideachais nach mbaineann sé leis an gcóras oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, mar baineann sé leis go díreach agus go hindíreach.
Is riosca eile é leis an méadú suntasach agus leanúnach ar líon na ndíolúintí ná go mbeadh an Ghaeilge pigeonholed leis na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus go mbunófar córas deighilteach mar a bhaineann leis an nGaeilge. Tá sé riachtanach go gcaomhnaítear agus go bhforbraítear an Ghaeilge mar theanga oifigiúil na tíre agus go mbaineann sí le gach uile pháiste, ní hamháin páistí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, ba chuma cén cúlra nó cumas teangeolaíoch atá acu ná cén córas scolaíochta ina bhfuil siad.
Le roinnt mhaith blianta anuas, tá curaclam teanga na bunscoile ann do leanaí de gach cumas i ngach comhthéacs scoile. Aithníonn sé agus tacaíonn sé le rannpháirtíocht na ndaltaí sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag céimeanna éagsúla agus ar luasanna éagsúla ar feadh a dturas foghlama teanga. Is gá cuimhneamh ar bheartas a thacaíonn leis an sprioc d’ionchuimsitheacht i scoileanna, seachas beartas a leabaíonn an deighilt. Tugann an cur chuige comhtháite faoi riachtanais teanga gach scoláire, riachtanais scoláirí a labhraíonn teanga sa bhaile atá difriúil leis an teanga theagaisc, iad siúd ag a bhfuil deacrachtaí nó moill teanga agus iad siúd ag a bhfuil riachtanas speisialta isteach san áireamh.
Tugtar faoi riachtanais teanga gach uile scoláire i gceachtanna teanga a bhfuil difreáil chuí déanta orthu agus déantar é ar feadh an churaclaim. Is é atá mar bhonn ag an gcur chuige seo ná go n-aistrítear scileanna sealbhaithe teanga ó theanga amháin go dtí teanga eile. I gcás formhór na ndaltaí in Éirinn, is í foghlaim na Gaeilge an chéad eispéireas ar an dara teanga a fhoghlaim. Má chuireann múinteoirí ar chumas na scoláirí seo saintréithe na Gaeilge a chur i gcomparáid lena dteanga bhaile - nó leis an dara teanga bhaile in amanna - agus má dhíríonn siad aird ar straitéisí chun scileanna teanga nua a fhoghlaim, is ansin a spreagtar éifeachtúlacht, feasacht agus scileanna teanga sna daltaí seo. Cabhraíonn a leithéid de chur chuige i leith feasachta teanga leis na scoláirí scileanna a fhoghlaim a úsáidtear i bhfoghlaim an tríú, ceathrú agus cúigiú teanga bhreise amach anseo.
Is le chuile dhuine na teangacha. Tá na prionsabail maidir le hionchuimsiú agus difreáil go mór chun tosaigh i soláthar agus i bhforbairtí curaclaim i láthair na huaire. Leis na torthaí foghlama atá leagtha amach i gcuraclam teanga na bunscoile agus sna sonraíochtaí don Ghaeilge sa tsraith shóisearach, tugtar scóip d'eispéiris foghlama a oiriúnú do riachtanais éagsúla na scoláirí aonair trí chur chuige difreáilte teagaisc, foghlama agus measúnaithe.
I bhfianaise na méaduithe móra atá tagtha sna tuiscintí taighde-bhunaithe, mar aon leis an bhfianaise eolaíoch agus starógach ó scoileanna agus tuismitheoirí faoi chumas daltaí le riachtanais speisialta tabhairt faoin nGaeilge, ní mór féachaint in athuair ar na cúinsí ar a gceadaítear an díolúine. Ó cuireadh tús leis an gcóras díolúine, tá forbairtí suntasacha tarlaithe ó thaobh próifíl na ndaltaí, athchóiriú curaclaim, smaointeoireacht oideolaíochta agus soláthar d’fhoghlaimeoirí go bhfuil riachtanais speisialta acu. Is ábhar imní dúinne é go bhfuil strus agus imní i leith fhoghlaim na Gaeilge á aithint ag síceolaithe oideachais mar chúis le díolúine a bhronnadh. Is féidir go mbíonn strus áirithe ar dhaltaí agus iad i mbun staidéir do na scrúduithe Stáit ach ní mór breathnú ar mheicníochtaí le dearcadh dearfach i leith na foghlama in áit an t-ábhar a bhaint uathu.
Tá dul chun cinn agus forbairtí déanta ó thaobh tacaíocht a chur ar fáil do dhaltaí go bhfuil deacrachtaí foghlama nó deacrachtaí teanga acu le roinnt mhaith blianta anuas, ar nós uaireanta breise teagasc sna scoileanna, forbairt ghairm leanúnach do na múinteoirí, cúrsaí iarchéime ina measc, áiseanna teagaisc agus áiseanna measúnaithe. Arís, faraor, níl an fhorbairt chéanna tagtha ar na tacaíochtaí seo do theanga na Gaeilge. Níl aon dabht ann go bhfuil easpa áiseanna measúnaithe do theanga na Gaeilge ann, ní hamháin do scoileanna T2 ach do scoileanna T1 freisin. Mar a dúradh cheana, níl aon iallach ar scoileanna T2 meastóireacht chaighdeánach a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge mar atá ar scoileanna T1. Tugann sé seo ísliú céime don teanga, ní hamháin i súile na múinteoirí atá ag múineadh an teanga ach, b’fhéidir níos tábhachtaí, i súile na dtuismitheoirí freisin. Tá straitéisí agus modhanna múinte nua á fhorbairt an t-am ar fad ó thaobh tacaíocht do theanga an Bhéarla ach níl sé sin fíor ó thaobh tacaíocht do theanga na Gaeilge de. Má tá an tacaíocht foghlama fágtha taobh thiar ó thaobh na Gaeilge de, luíonn sé le réasún go mbeidh tuismitheoirí ag iarraidh bealach éalaithe ón teanga sin.
Fáiltíonn Gaeloideachas go bhfuil plean ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, curaclam úr a fhorbairt do bhunscoileanna sna blianta beaga os ár gcomhair. Is léir go bhfuil fís nua á chruthú acu chun curaclam atá oiriúnach don chéad ghlúin eile a fhorbairt. I measc na bhforbairtí sin, tá sé spéisiúil go bhfuil siad ag breathnú ar mhúineadh na dteangacha iasachta ag leibhéal na bunscoile. Arís, fáiltíonn Gaeloideachas roimh an gcoincheap seo, ach tá beagán imní orainn go bhfuil baol ann go mbeidh tuilleadh ísliú céime á thabhairt don Ghaeilge, go háirithe sna scoileanna T2, chun spás agus am a thabhairt don teanga nua iasachta. Tá deis iontach ag an gcóras oideachais buntáistí an dátheangachais a úsáid chun an tríú teanga a fhorbairt, ach má tá líon na ndaltaí atá ag fáil díolúintí ón nGaeilge ag méadú mar is léir, laghdóidh sé sin go mór líon na ndaltaí a bheidh cumas dátheangachais acu agus a bheidh buntáistí an dátheangachais á fháil acu.
Leagtar amach sa pháipéar comhairliúcháin gur chóir go ndéanfaí foráil do dhaltaí as tíortha thar lear nach bhfuil aon tuiscint acu ar an mBéarla ar rollú dóibh sula mbeidh siad 12 bliain d'aois nó sa bhliain dheireanach den oideachas bunscoile. Cuirfear dianchúrsa sa Bhéarla mar theanga bhreise ar fáil dóibh mar réamh-ullmhúchán don riachtanas do rannpháirtíocht iomlán sa churaclam ag leibhéal a thagann lena gcumas. Cén fáth nach féidir dianchúrsa sa Ghaeilge a chur ar fáil dóibh ag an am céanna agus an rochtain nó na deiseanna céanna a thabhairt dóibh ar theanga na Gaeilge? Cá bhfuil na tacaíochtaí agus na cláir teanga do na páistí sin, nó do na tuismitheoirí, go ndéanfaí buntáistí an dátheangachais nó ilteangachais a cheilt orthu? Tá sé an-spéisiúil. Go minic bíonn an-eolas agus tuiscint ag na tuismitheoirí seo ar ilteangachas agus dátheangachas.
Molann an ciorclán:
Níor cheart go ndéanfaí scoláire a dhíolmhú ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ach amháin in imthosca atá annamh agus eisceachtúil. Is cinneadh tábhachtach é scoláire a dhíolmhú ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a bhfuil impleachtaí aige dá f(h)oghlaim sa todhchaí.
Céard atá annamh agus eisceachtúil faoi pháistí ag teacht isteach chun na tíre seo a bhfuil, don chuid is mó, cúlra dátheangach nó ilteangach acu cheana féin? In áit rochtain uathoibríoch ar an teanga agus ar na luachanna uile a bhaineann léi a bhronnadh ar an bpáiste, tá an Stát ag déanamh cinnidh ar a son, cinneadh a ghearrann amach iad ó rannpháirtíocht iomlán i gcúrsaí soch-theangeolaíoch agus cultúrtha na tíre ina bhfuil siad ag cur fúthu, gan trácht ar na deiseanna chun céim a bhaint amach sa bhunoideachas agus i réimsí eile, atá ag méadú, a bhaineann leis an nGaeilge. Is iondúil gurb iad na daltaí a rugadh lasmuigh den tír na daltaí is fearr cumais teanga sa rang Gaeilge acu.
Déanann céatadán ard daltaí a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge acu staidéar ar nuatheanga iasachta. Léiríonn an taighde idirnáisiúnta gurb iad na hacmhainní agus scileanna cognaíocha agus meiteachognaíocha céanna a bhíonn in úsáid maidir le sealbhú teanga ar bith, cuma cén teanga a bhíonn i gceist. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil difríochtaí suntasacha móra ar bith idir na próisis chognaíocha agus éirime a bhíonn i gceist maidir le foghlaim na Fraincise agus foghlaim na Gearmáinise, cuir i gcás, nó foghlaim na Fraincise agus foghlaim na Gaeilge. Caithfear ceist a ardú mar sin, cén fáth go mbeadh sé ar a gcumas ag daltaí tabhairt faoi nuatheangacha eile sa churaclam ach samhlaítear dóibh nach féidir leo theacht ar chumas tabhairt faoin nGaeilge? Ba chóir go ndéanfaí scrúdú agus tomhas cruinn ar na cúiseanna a ndéanann daltaí le díolúine ón nGaeilge nuatheangacha eile. Is iad na próisis chéanna chognaíocha a bhíonn i gceist i bhfoghlaim na nuatheangacha agus i sealbhú na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh polasaí agus míniú iomlán trédhearcach ar fáil ina leith seo. Má tá fadhb fhoghlama i leith teanga ag dalta, ní féidir go mbaineann sé sin le teanga amháin thar teanga eile. Ní dhéanann inchinn an duine idirdhealú mar seo. Má tá díolúine le bronnadh ar dhaltaí, moltar díolúine ó theangacha a fhoghlaim seachas díreach ón nGaeilge. Níl aon réasúnaíocht ag baint leis gurb í an Ghaeilge an t-aon teanga atá i gceist.
Léiríonn an taighde idirnáisiúnta go gcaithfidh an prionsabal imeasctha a bheith ann faoi chinntí ar pholasaí agus cleachtais maidir le díolúine. Dírítear ar an ngá atá le deis a thabhairt dóibh siúd ag a bhfuil riachtanais speisialta acu leas a bhaint as an dara teanga a fhoghlaim trí phlé leis an teanga sin ag leibhéal a oireann dóibh féin ó thaobh a gcumas agus riachtanais de. Seachas díriú ar dhíolúintí ó fhoghlaim an dara teanga an chéad uair, ba chóir socruithe difriúla a dhéanamh idir churaclam múinte agus measúnú dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu de réir na dúshláin áirithe atá acu. Spreagann prionsabal an ionchuimsithe freagracht chun deis a chur ar fáil d’fhoghlaimeoir leas a bhaint as foghlaim na Gaeilge mar dara teanga trí bheith i dteagmháil leis an teanga ag leibhéal a oireann dá gcumas agus dá gcuid riachtanais féin. Maidir le prionsabal na difreála, éilíonn sé go ndéanfaí socruithe difreáilte curaclaim, modh-eolaíochta agus measúnaithe chun foghlaim na Gaeilge a éascú do chuile scoláire, iad siúd a bhfuil sainriachtanais oideachais acu, iad siúd atá ag teacht isteach ón iasacht agus iad siúd nach bhfuil aon deacrachtaí foghlama acu san áireamh. Moltar go n-iarrfaidh an comhchoiste ar an Roinn tabhairt faoi athbhreithniú ceart agus cuimsitheach ar an gceist seo. Ní féidir an cheist seo a réiteach i bhfolús. Tá an iomarca mórcheisteanna ann faoi chur chuige an Stáit i leith múineadh agus foghlaim na Gaeilge, chomh maith le tacaíocht do dheacrachtaí foghlama na Gaeilge.
Tá gá le coimisiún de shaghas a thabharfadh faoi iniúchadh fuarchúiseach cuimsitheach ar bheartas uile an Stáit i leith na Gaeilge sa chóras oideachais. An toradh a bheifeá ag súil leis uaidh sin ná cur chuige uilechuimsitheach a fhreastalódh ar chuile cineál cumais i measc daltaí, agus a chinnteodh fonn agus spreagadh chuile dalta ina turas nó ina thuras foghlama teanga féin.
Gabhaim buíochas leis an gChathaoirleach agus na comhaltaí.
No comments