Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 September 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé

Mr. Julian de Sp?inn:

Gabhaim míle buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a bheith anseo chun labhairt faoin gcóras díolúintí ó staidéar na Gaeilge sa chóras oideachais. Díreoidh mé ar na díolúintí agus, mar chuid de sin, labhróidh mé beagáinín faoin mórphictiúr den Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

As an mbreis is 390,000 dalta a bhí san iar-bhunscoil in 2021 go 2022, bhí níos mó ná duine as gach deichniúr ag fáil díolúine ó staidéar na Gaeilge. Sin 41,158 dalta ar fad nó 11% den iomlán. Ba mhaith liom an figiúr den líon daltaí le díolúine ó staidéar na Gaeilge a chur in iúl arís – 41,158 dalta. D’fhéadfaí Páirc Uí Chaoimh a líonadh leis an líon daltaí sin. Is léiriú é seo ar teip agus cur i gcéill an Stáit seo go bhfuil 41,158 dalta san iar-bhunscoil ag fáil díolúine agus beidh a gcuid deiseanna sa saol srianta de bharr an chórais lochtach a bhfuil an Roinn Oideachais i bhfeighil air. In ionad córais a bhunú a fhreastalóidh ar riachtanais an 41,158 dalta sin, tá córas forbartha ag an Roinn Oideachais leis na riachtanais sin a sheachaint agus is mór an náire é gur lig Rialtas i ndiaidh Rialtais eile don Roinn Oideachais é seo a dhéanamh, go háirithe ó 1999 ar aghaidh. In 1999, ní raibh ach 2.5% de dhaltaí iar-bhunscoile ann le díolúine ó staidéar na Gaeilge. Tagann an figiúr seo, 2.5%, leis an líon daltaí le deacrachtaí foghlama tromchúiseacha a bhíonn saineolaithe cosúil leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir, ó Sealbhú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ag rá gur chóir go mbeadh díolúine ar fáil dóibh.

Tá teipthe ar an Roinn Oideachais smacht a choinneáil ar chóras na ndíolúintí, agus ó 2019 leis an gciorclán nua i bhfeidhm, a thugann cead d’aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an deichiú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú, tá ardú an-ghasta tagtha ar líon na ndíolúintí a bronnadh, le hardú 25% ar an líon na ndíolúintí a bronnadh san iar-bhunscoil sa scoilbhliain dheireanach, 2021 go 2022. Deirtear i gciorclán nua na Roinne Oideachais nár chóir na díolúintí a bhronnadh ach i gcásanna annamha agus eisceachtúla. Bhí sé sin ann roimh 2000 ach tá an Roinn Oideachais sáinnithe sa chur i gcéill má cheapann sé gur amhlaidh an scéal anois in 2022. Ní chóir go mbeadh aon iontas orainn. Rinneadh neamhaird ar an taighde a chuir cigirí na Roinne Oideachais féin le chéile agus ar fhormhór na moltaí ó na haighneachtaí a cuireadh isteach mar chuid den chomhairliúchán a d’úsáid an Roinn Oideachais leis na ciorcláin nua maidir leis an díolúine ó staidéar na Gaeilge a chuir sé le chéile in 2019. Mar chuid den chomhairliúchán céanna, bhain an Roinn Oideachais úsáid as suirbhé lochtach agus claonta a lig dó córas nua a chur ar bun nach bhfreastalaíonn ar riachtanais an dalta, ach a sheachnaíonn na riachtanais sin trí chóras a bhunú atá níos éasca le teacht ar díolúine. I mbliana, cuireadh leis na fáthanna ar féidir díolúine a lorg i ndiaidh an athbhreithnithe a rinne an Roinn an samhradh seo, athbhreithniú a gealladh in 2019. Athbhreithniú a luaimse ach, dar liom agus go leor grúpaí oideachais agus Gaeilge eile, nach athbhreithniú a bhí ann in aon chor - is cur i gcéill amach is amach a bhí ann.

Bhuail oifigigh ón Roinn Oideachais le Conradh na Gaeilge agus le grúpaí oideachais Gaeilge eile mar chuid den phróiseas a tugadh athbhreithniú air, ach níor tugadh aon deis dúinn fíor-ionchur a bheith againn sa phróiseas. Níor roinn siad aon staitisticí i leith na ndíolúintí linn. Bhuaileamar le hoifigigh na Roinne an lá sular chas siad leis an Aire Oideachais agus chuir siad na moltaí a bhí curtha le chéile acu di os ár gcomhair. Bhí na leasuithe socraithe acu sular bhuail siad linn mar sin. Bhí na leasuithe bunaithe ar an dlí a sheachaint in ionad an rud is fearr ó thaobh an oideachais de a dhéanamh do dhaltaí na tíre. Tic sa bhosca a bhí i gceist leis an gcruinniú a bhí againn leo. Phléigh muid leo an gá le sprioc a leagan síos leis an líon díolúintí a laghdú trí fhreastail ar riachtanais daltaí agus córas nua a chur ar bun ionas nach mbeadh díolúintí ag teastáil. Níor tógadh aon chuid de sin san áireamh san athbhreithniú. Is é an cineál tuairime a bhí ag cuid de na hoifigigh ná nach bhféadfaí fál a chur ar an ngort tar éis na foghla. Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don obair atá ar siúl ag an gcomhchoiste agus ba mhaith liom an coiste a mholadh mar seo an t-athbhreithniú a bhí ag teastáil do chóras na ndíolúintí. Molaim an coiste as ucht tús a chur leis na héisteachtaí seo.

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí an 41,158 dalta scoile atá á ligean síos ag an Stáit, agus atá á bhfágáil ar mhíbhuntáiste. Roimhe seo bheadh ráite gurbh é an rud is mó nach bhféadfadh dalta le díolúine a dhéanamh nuair a fhágann sé nó sí an scoil ná a bheith mar bhunmhúinteoir ach tá an cluiche athraithe le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tuigeann an comhchoiste, go háirithe mar gheall ar an dian-obair a rinne sé leis an Acht a láidriú agus mar gheall gur ghlac an Rialtas lenár moltaí go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí faoi dheireadh 2030 inniúil ar an nGaeilge, go bhfuil an oiread sin deiseanna oibre á mbaint ó na daltaí le díolúine ó staidéar na Gaeilge. Ar lámh amháin, tá an Rialtas tiomanta leis an nGaeilge a chur chun cinn leis an soláthar san Acht nua, agus ar lámh eile tá an Rialtas ag baint deiseanna saoil ón 41,158 dalta sin. Ar ndóigh, sin an líon daltaí reatha le díolúine san iar-bhunscoil. Leis an ráta fáis sa líon díolúintí agus ag breathnú ar aghaidh chuig spriocbhliain earcaíochta an Rialtais de 2030, d’fhéadfadh breis is 100,000 duine óg a bheith faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta freastail ar a riachtanais foghlama.

Tá moladh ag Conradh na Gaeilge, moladh a cuireadh chun cinn in 2018 nuair a cuireadh an córas nua díolúintí ar bun, agus creideann muid go bhféadfadh an moladh seo an gá le díolúintí a bhaint don chuid is mó. Táimid ag éileamh go gcuirfear polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal i bhfeidhm. Gheall Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas tacaíocht don pholasaí seo san olltoghchán, agus tá tagairt dó sa chlár Rialtais reatha, ach níl an tAire Oideachais ag feidhmiú ar an bpolasaí. Chuimseodh an polasaí leis an nGaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal agus i ngach earnáil, leis an trí chroí-pholasaí seo a leanas san áireamh sa pholasaí: an polasaí oideachais Gaeltachta reatha; polasaí don Ghaelscolaíocht, a gheall an Teachta McHugh nuair a bhí sé mar Aire Oideachais i mí na Nollaig 2019 agus a bhfuil obair tosaithe air le déanaí; agus polasaí don oideachas a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Bheadh an páirt-tumoideachas, tumoideachas iomlán, an curaclam, sonraíochtaí, oiliúint múinteoirí, bunú Gaelscoileanna, díolúintí, measúnú agus gach rud eile san áireamh. Bheadh an creat Eorpach d’fhoghlaim teangacha mar chroílár an pholasaithe nua agus cheanglódh sé foghlaim na Gaeilge ag gach leibhéal ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. D’fheadfadh daltaí le deacrachtaí foghlama nó aon dalta ag teacht isteach déanach ó thar lear an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil ag na leibhéil is oiriúnaí dóibh agus pointí ardteistiméireachta a bheith ar fáil dóibh bunaithe air seo. Faoin gcóras seo, mar shampla, bheadh dalta le deacracht scríofa sa Ghaeilge in ann an scrúdú béil amháin a dhéanamh don ardteistiméireacht agus a bheith i dteideal pointí Lár-Oifig Iontrála in ionad a bheith scartha amach ón rang Gaeilge ón mbunscoil ar aghaidh. Laghdódh sé seo an gá le díolúintí a bhronnadh agus chinnteodh sé freastail cothrom agus sásúil don bhreis is 100,000 dalta a bheidh thíos leis an gcóras reatha faoi 2030. Is gá gníomhú air seo anois gan a thuilleadh moille.

Sula gcríochnaím, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don chinneadh atá déanta ag an Aire Oideachais páipéar 1 Gaeilge don ardteistiméireacht a bhogadh go deireadh bhliain a cúig. De réir an eolais atá faighte ag an gconradh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 maidir leis an gcinneadh seo, is léir nach raibh aon bhunús oideachasúil ag baint leis an gcinneadh seo agus nach raibh aon phlé déanta le múinteoirí Gaeilge faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an athrú seo. Ní hamháin sin, ach bhí sé an-soiléir go raibh Coimisiún na Scrúduithe Stáit buartha faoin bplean. Dúirt sé go minic sa chomhfhreagras go mbeadh gá na sonraíochtaí a athbhreithniú agus a chur in oiriúint dá mbogfaí páipéar 1 chun tosaigh níos mo ná cúpla seachtain agus luaigh sé an míbhuntáiste a d’fhéadfadh a bheith ann do bhuachaillí ó thaobh aibíochta de agus an cheapadóireacht á scrúdú ag deireadh bhliain a cúig. Cuireann sé iontas orainn go ndeachaigh an Roinn Oideachais ar aghaidh leis an moladh ach é sin ráite tá an cinneadh ag teacht leis an gcinneadh maidir leis na díolúintí agus neamhaird a dhéanamh ar an toradh oideachasúla is fearr don dalta. D’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige seo ar chóras reatha na ndíolúintí chomh maith. D’fhéadfadh sé daltaí a bhrú i dtreo díolúine níos luaithe sa chóras mar gheall go mbeidh an chéad pháipéar le déanamh i mbliain a cúig. Chomh maith leis sin, tá seans ann go mbainfear mí-úsáid as an díolúine le scrúdú ag deireadh bhliain a cúig a sheachaint. Bheadh sé seo tarraingteach, mar shampla, do na daltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ach a dhéanann scrúdú ardteistiméireachta i dteanga eile; is é seo a rinne 67% de na daltaí le díolúine in 2016 de réir anailíse ag Tuairisc.ie.

Iarraim ar an gcomhchoiste éileamh ar an Aire Oideachais an cinneadh seo, chun páipéar 1 Gaeilge a bhogadh go deireadh bhliain a cúig, a aisiompú agus gníomhú ar an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal ina áit.

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go n-aontóidh an comhchoiste linn gur chóir deireadh a chur leis an gcóras díolúine ó staidéar na Gaeilge reatha agus ina áit na rudaí atá á leagadh amach agam a dhéanamh. Ba chóir don Aire Oideachais polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt agus a fheidhmiú, polasaí a bhunófar ar an gcreat Eorpach d’fhoghlaim teangacha. Ligfeadh an córas nua seo do dhaltaí le deacrachtaí foghlama nó do dhaltaí atá ag teacht isteach déanach sa chóras ó thar lear an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil ag na leibhéil is oiriúnaí dóibh. Bheadh an gá le díolúintí a bhronnadh laghdaithe go suntasach le córas ionchuimsitheach nua. Bheadh an córas nua seo ag teacht le polasaí an Rialtais agus an sprioc in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí faoi dheireadh 2030 inniúil ar an nGaeilge. Ba chóir don Aire Oideachais grúpa saineolach ar an oideachas Gaeilge a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt. Ba chóir don Aire Oideachais an cinneadh chun páipéar 1 Gaeilge a bhogadh go deireadh bhliain a cúig a aisiompú agus gníomhú ar an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal ina áit. Bheimis an-bhuíoch den chomhchoiste dá mbeadh sé sásta na trí mholadh seo a chur san áireamh sa tuarascáil atá á cur le chéile aige ar cheist na ndíolúintí amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.