Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Mr. Gear?id ? L?ing:
Maidir le daoine a mhealladh isteach sa leabharlann, is dóigh go bhfuil an dúshlán sin ann do ghach leabharlann, mar tá an oiread sin le fáil ar líne. Nuair a bheidh an obair críochnaithe ar an bhfoirgneamh, beidh go leor áiseanna ann chun daoine a mhealladh isteach. Beidh siopa leabhar ann agus gan amhras beidh neart leabhar Gaeilge ar fáil ansin. Beidh seomraí cruinnithe ann agus léachtaí ar ábhair fhoirmealtá agus neamh-fhoirmeálta. Is féidir linn rudaí a fhógairt ar an suíomh gréasáin le hinsint do dhaoine cad atá ar siúl. Tá sé de bhuntáiste ag an leabharlann go bhfuilimid i lár na cathrach. Níl sé ródheacair ar dhaoine teacht orainn. Déanaimid ár ndícheall fáilte a chur roimh chuairteoirí, idir scoláirí, gnáth-léitheoirí, daltaí scoile, turasóirí agus daoine ar saoire. Nuair a bheidh na seomraí cruinnithe agus na seomraí léachta ar fáil, beimid in ann go leor rudaí a chur ar fáil chun daoine a mhealladh isteach. Ar shlí, b’fhéidir gur ceist í seo do ghach finné anseo – conas daoine a mhealladh chun leabhair a léamh. Tá an oiread sin ar fáil ar líne. Tá plean againn. Tá seanleabhair i nGaeilge le fáil, suas go 1871, agus go leor acu fíorthearc. Táimid á ndigitiú sin agus á gcur ar fáil. Seo ábhar atá as cóipcheart, ar ndóigh. Leis na rudaí sin go léir agus leis an seans a thugann an suíomh gréasáin dúinn ár seirbhísí a chur in iúl don domhan ar fad, is dóigh liom go mbeidh a thuilleadh daoine ag féachaint ar an suíomh agus tá súil agam go mbeidh a thuilleadh daoine ag teacht isteach go dtí an leabharlann.
No comments