Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ceann de na ceisteanna lena bhfuilimid ag déileáil ó thaobh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge de ná go bhfuil leabhair ann - b'fhéidir nach bhfuil go leor dóibh - agus conas is féidir linn éileamh breise a chothú. Conas is féidir linn daoine a mhealladh chun téacsanna as Gaeilge a léamh nó a lorg? Níl a fhios agam an bhfuil aon tuairim ag na finnéithe faoi sin. An bhfuil go leor spáis acu? Tá an leabharlann ag cruthú níos mó spáis ionas gur féidir daoine a mhealladh isteach chun gur féidir leo déileáil leis na téacsanna agus na leabhair atá as Gaeilge sa bhailiúchán náisiúnta.
Tá roinnt de na dúshláin atá roimh an Leabharlann Náisiúnta leagtha amach ag na finnéithe agus tá roinnt acu pléite againn cheana féin. Níl a fhios agam cén uair a bheidh an obair tógála ar fad críochnaithe. An mbeidh go leor foirne ag an leabharlann chun an obair ar gá a dhéanamh a dhéanamh? Má tá fás chun tarlú, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), beidh sé mar dhualgas ar an leabharlann a chinntiú go mbeidh ar a laghad 20% dóibh siúd a earcaítear aige inniúil sa Ghaeilge.
No comments