Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).

Mr. Aidan Courtney:

Táimid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge, a thug tacaíocht dúinn den chéad uair in 2007.

Cheap daoine go raibh mé as mo mheabhair agus agus iad ag fiafraí díom cén fáth go raibh mé ag déanamh rudaí trí Ghaeilge. Is í an aisling atá ag gach duine agus iad ag obair mar chartúnaí ná Marvel, DC Comics, The Beanonó rudaí mar sin. Bhí mé thar lear i gCeanada, ag léamh greannáin Fraincise, agus ag gáire trí theanga na Fraincise. Tháinig mé ar ais le mála mór agus tá roinnt greannáin Fraincise agam anois ach bhí mé ag gáire i dteanga eile. Nuair a bhí mé óg bhí Clann Disneyle fáil. An cuimhin le haon duine Clann Disney? Irisleabhar iontach ab ea é. Tá irisleabhair agus greannáin Disney i ngach tír san Eoraip, fiú san Íoslainn. Cén fáth nach bhfuil greannáin mar sin anseo? Is é sin an méid. Tar éis dom bheith ag caint le Foras na Gaeilge, thosaíomar leis an irisleabhar seo. Bhí mé an-bhuíoch as sin. Ina dhiaidh sin, thosaíomar ar Ruaille Buailleach tá sé deacair agus daor rudaí a chruthú.

Aon uair a bheadh an smaoineamh againn níos mó leabhair a chruthú, ní rabhamar ábalta ach cnuasach gearrscéalta a dhéanamh trí Ghaeilge. Is é sin an méid. Bhí daoine mar Declan Shalvey ag obair linn agus rinne sé leathanach amháin do Rí-Rá#0 agus tá sé ag obair le Marvel, DC Comics agus foilsitheoirí mar sin anois. Bhí tallann mar sin againn. Bhí Rebecca Nalty ag obair ar scéal i Ruaille Buaille, imleabhar 2, agus tá sí ag obair chun dathanna a dhéanamh i ngreannáin do Image Comics agus do DC Comics agus mar sin de. Tá an tallann anseo in Éirinn. Bhíomar an-bhuíoch as an tacaíocht a fuaireamar ach tá sé deacair mar gurb é an chéad rud a deireann daoine ná snobbery atá i gceist le greannáin agus fiafraíonn siad cén fáth an bhfuil greannáin i gceist againn. Deirim leo go bhfuil Dog Mani ngach áit anois. Tá Phoebe and Her Unicornléite ag cailíní anois agus le fáil i leabharlanna trasna na tíre.

Ag an am, bhí mé ag rá gur cheart dúinn rud mar sin a dhéanamh ach d'éirigh mé as sin mar tá mé ag déanamh ceardlanna agus rudaí mar sin anois. Is é sin an méid uaim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.