Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).

Mr. Eoghan Mac Cormaic:

Aontaím leis an méid sin. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht a fuaireamar ó COGG nuair a bhíomar ag díriú isteach ar chluichí oideachasúil nó cluichí go dtiocfadh linne ar a laghad a rá go bhfuil gné oideachasúil ag baint leo. Fuair muid tacaíocht díreach ó Fhoras na Gaeilge féin bliain amháin, taobh amuigh den ghnáth maoiniú bliantúil a fhaigheann Glór na nGael do seo. An té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic, agus caithfidh muidne teacht ar bhealaí eile le rudaí a fhoilsiú.

Mar shampla, nuair a thosaigh an tréimhse Covid dhá bhliain ó shin, bhí foireann againn de thart faoi 18 ag an am a bhí ag díriú isteach ar obair phobal fud fad na tíre. Beagnach thar oíche, taobh istigh de sheachtain, bhí clár oibre iomlán nua leagtha amach againne nuair a bhíomar ag foilsiú cluichí ar líne. Gach maidin bheadh duine éigin ag déanamh aclaíochta trí Ghaeilge agus chuireamar liathróid ar leith dóibh sin a d'fhoilsigh muid. D'oscail muid an suíomh crosfhocal.ie, a bhí dírithe ar chrosfhocail don trí leibhéal mar a luaigh mé ansin, agus bhí cuardach focal, spot the difference agus stuif mar sin trí Ghaeilge san áireamh. Tá sin fós ar fáil, mar sin is féidir teacht ar an suíomh sin ina iomlán i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Níl a fhios agam an bhfuil 400 rud éagsúla a cruthaíodh taobh istigh den chéad sé mhí de Covid. Ansin nuair a thosaigh an cogadh san Úcráin, taobh istigh de thréimhse an-ghairid nuair ba léir dúinne go raibh teifigh ag teacht go dtí an tír seo ón Úcráin, thosaigh baill áirithe d'ár bhfoireann ag cruthú grafaicí beaga do pháistí Úcránach ina mbeadh Gaeilge agus Úcráinis taobh le taobh le cuidiú dóibh teacht i dtír sa tír seo.

Táimid solúbtha agus táimid ábalta bogadh amach as an ghnáthrud ach ní hionann rud atá ar líne agus rud atá fisiciúil os do chomhair leat ar seilf na leabharlanna, ar seilf an tsiopa agus a leithéid. Ba mhaith linne go mbeadh ciste éigin a thabharfadh an tacaíocht atá riachtanach mar táimid ag streachailt in aghaidh mórmhargaí Béarla. Is féidir linn gach rud a normalú ach nuair a théann tuismitheoirí amach ag ceannach an chéad bhréagán dá pháistí agus nuair a chosnaíonn sé trí oiread praghas a macasamhail i mBéarla, níl sin cothrom agus caithfear tacaíocht éigin a thabhairt isteach air sin, rud a rinne muid nuair a thóg muid amach an teidí a bhí againn trí Ghaeilge. Rinne muid iarracht é a dhéanamh ar phraghas a bhí incheannaithe ach ní féidir dul ar aghaidh agus ar aghaidh ag cailliúint airgid ar rudaí mar sin. Caithimid teacht ar tacaíocht do sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.