Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bheinn sásta fanacht anseo an oíche ar fad ag labhairt agus ag éisteacht lenár n-aíonna mar is iad siúd an dream ar leith. Gabhaim comhghairdeas leo mar go bhfuil siad ag coimeád na Gaeilge beo lasmuigh den ghnáthrud a fhéachann an chuid is mó den phobal air mar litríocht nó mar leabhar. Tá leabhair filíochta, dánta agus gearrscéalta ann ach nuair a bhíomar ar fad níos óige, ghlacamar leis na coimicí, i mBéarla den chuid is mó, ach bhíodh cinn i nGaeilge ann anois is arís. Bhí ceann staire, más buan mo chuimhne agus measaim gurbh iad na Bráithre Críostaí nó an córas oideachais a chuir amach é. Bhí dhá nó trí leathanach de rudaí difriúla faoi stair na hÉireann ann. Bhí Our Boysann, measaim, ag an am céanna freisin. Ní fheictear an oiread sin díobh anois. Is é sin an fáth a ghabhaim comhghairdeas lenár n-aíonna mar tá siad ag cruthú na féithe sin. Cad é an rud is mó díol sa tSeapáin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.