Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Deirdre N? Thuathail:

Tá iarracht leanúnach ó na scoileanna - na bunscoileanna seachas na meánscoileanna. Mar gheall ar an struchtúr curaclaim atá sna meánscoileanna, níl mórán scóip acu ábhar atá taobh amuigh d'ábhar an churaclaim a dhéanamh seachas, b'fhéidir, san idirbhliain. Tá leabharlanna i bhformhór na meánscoileanna agus ceannaíonn siad soláthar maith leabhar Gaeilge go hiondúil, go mórmhór na Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Caithfidh an léitheoireacht tosú sna bunscoileanna. Má tá soláthar maith leabhar ar fáil ag an aoisghrúpa sin, b'fhéidir go leanfaidís ar aghaidh ag léamh nuair atá siad amuigh sa saol. Má chuirtear bunstruchtúr maith ansin, cothaítear an léitheoireacht san aoisghrúpa sin. Tá éileamh ó na bunscoileanna. Feicimid é sin go mórmhór leis na haistriúcháin atáimid ag foilsiú. Níl an oiread sin bunleabhair nua á bhfoilsiú do dhaoine óga. Má tá, b'fhéidir nach sraitheanna leabhar iad. Tá sé feicthe againn leis na leabhair as Béarla - leithéidí leabhair Enid Blyton - go n-aithníonn na gasúir iad mar tá siad á léamh i mBéarla cheana féin ach tá cruth eile curtha orthu i nGaeilge. Ní aithníonn siad gurb é an scéal céanna é. Tá an Ghaeilge sin i dteanga shaibhir na Gaeltachta. Tá na haistriúcháin déanta ar chaighdeán an-ard. Tá éileamh ar na leabhair sin. Táimid ag díol le scoileanna go leanúnach, scoileanna Gaeltachta, scoileanna Galltachta agus Gaelscoileanna ar fud na tíre san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.